Foilsithe ar 

Tús á chur ag an Aire Humphreys le misean trádála agus cultúir go dtí an tSualainn agus an Danmhairg

Tá an tAire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, Heather Humphreys TD, ag cur tús inniu (Dé Máirt) le misean trádála agus cultúir, a mhairfidh cúig lá, chuig an tSualainn agus an Danmhairg. Tabharfaidh an tAire cuairt ar Gothenburg, Stócólm, Uppsala agus Cóbanhávan, áit a nglacfaidh sí páirt i raon imeachtaí cultúrtha, turasóireachta agus eacnamaíochta.

Casfaidh an tAire Humphreys le baill den phobal Éireannach i ngach ceann de na ceithre chathair, agus tabharfaidh sí aitheasc speisialta ag fáilithe do Lá Fhéile Pádraig, a bheidh á n-óstáil ag Ambasadóirí na hÉireann i gCóbanhávan agus Stócólm. Le linn an turais, casfaidh an tAire Humphreys le raon de chomhlachtaí bia Éireannacha atá ag feidhmiú sa tSualainn agus sa Danmhairg le tacaíocht ó Bhord Bia.

Tá cúig chomhlacht Éireannach déag ón earnáil uathghluaisneach ag taisteal go dtí an tSualainn mar chuid de mhisean trádála faoi cheannas Fiontraíocht Éireann. Tá Fiontraíocht Éireann ag obair ó bhí 2015 ann le cnuasach de chomhlachtaí Éireannacha innealtóireachta agus TCF, ag díriú ar earnáil uathghluaisneach na Sualainne. Beidh an tAire Humhphreys ag freastal ar mhór-Aonach Uathghluaisneach in Gothenburg agus casfaidh sí le feidhmeannaigh shinsearacha de chuid Volvo chomh maith le cliaint thábhachtacha Shualannacha agus comhpháirtithe féideartha.

I Stócólm, casfaidh an tAire Humphreys le hoifigigh shinsearacha as Rialtas na Sualainne le Brexit agus ceisteanna eile a phlé, lena n-áirítear an tAire Gnóthaí Tuaithe, Sven-Erik Bucht agus Uachtarán na Comhairle Cathrach. Beidh an tAire Humphreys ag taisteal go hOllscoil Uppsala le cuairt a thabhairt ar Rannóg an Léinn Cheiltigh, áit a mbronnfaidh sí dhá scoláireacht ar mhic léinn chun cuairt a thabhairt ar an nGaeltacht, le tacaíocht ó Roinn an Aire.

I gCóbanhávan, buailfidh an tAire Humphreys lena contrapháirtí sa Danmhairg, an tAire Cultúir Mette Bock, agus tapóidh an tAire Humphreys an deis le clár Éire Ildánach a phlé. Casfaidh an tAire Humphreys le Ceannasaí na gCaidreamh Cultúir i Halla na Cathrach in Gothenburg, agus tabharfaidh sí cuairt ar Scoil Scannánaíochta na Danmhairge.

Beidh dhá láithreán á ndéanamh glas ag Turasóireacht Éireann le linn turas Lá Fhéile Pádraig an Aire; an droichead íocónach ‘Snake Cycle’ i gCóbanhávan agus Long Vasa i Stócólm. Tá méadú de réir a chéile tagtha ar líon na dturasóirí ón tSualainn agus ón Danmhairg atá ag teacht go hÉirinn le blianta beaga anuas, agus táthar ag dréim le tuilleadh fáis in 2017.

Ag labhairt di roimh an turais, dúirt an tAire Humphreys:
“Tá ceangail láidre chultúrtha agus trádála ag Éirinn leis an tSualainn agus leis an Danmhairg. Táim ag súil le bheith ag obair lenár ngníomhaireachtaí ar an talamh agus lena gcliantchuideachtaí, atá ag féachaint ar dheiseanna nua sna margaí Nordacha.

“Is í Aarhus na Danmhairge atá ainmnithe mar Príomhchathair Chultúir na hEorpa 2017; teideal a bheidh ag Gaillimh sa bhliain 2020. Táim ag súil le bualadh le mo chontrapháirtí sa Danmhairg, Mette Bock, le polasaí cultúir a phlé, chomh maith le clár Éire Ildánach an Rialtais agus réimsí ina bhféadfaí comhoibriú a bhaint amach sa todhchaí. Is mó an rath a bhí ar na tíortha Nordacha i dtaca le comhoibriú cultúrtha agus cultúr Nordach a chur chun cinn go hidirnáisiúnta. Is díol suime é sin domsa ach go háirithe i dtaca lenár bpleananna do chlár Éire Ildánach.

“Tapóidh mé an deis freisin le Brexit a phlé, chomh maith le freagairt Rialtas na hÉireann ar na dúshláin agus na deiseanna a bhaineann leis, agus comhthéacs ginearálta na hEorpa mar chuid den teagmháil a bheidh agam le raon oifigeach, gníomhaireachtaí agus comhlachtaí Éireannacha le linn an turais chuig lá seo.”