Foilsithe ar 

Seolann an tAire Stáit, Michael Ring, comhairliúcháin ar Bhaincéireacht Áitiúil Phoiblí

Sheol an tAire Stáit um Fhorbairt Gheilleagrach, Michael Ring, cuireadh chuig páirtithe a mbeidh suim acu trácht a dhéanamh ar an gcóras nua atá molta i gcomhair baincéireachta poiblí. Is mar chuid de Chlár an Rialtais Chomhpháirtíocht é an cuireadh seo atá ann chun mionscagadh a dhéanamh ar chórais nua i gcomhair baincéireachta poiblí, ar nós chóras Kiwibank in Nua-Shéalainn agus chóras Sparkassen atá in úsáid sa Ghearmáin atá mar chuid den chóras baincéireachta poiblí atá i mbun gnó i réigiúin dea-shainithe
Agus an próiseas comhairliúcháin á chur chun tosaigh ag an Aire Stáit, Michael Ring, dúirt sé, “Cuireann Clár an Rialtais Chomhpháirtíocht de cheangal air féin mionscagadh a dhéanamh ar chórais éagsúla i gcomhair baincéireachta poiblí. Leis na dushláin a bhí os comhair earnáil na mbanc sna blianta beaga anuas, is cuis atháis dom bheith in ann cuireadh a chur chuig páirtithe a mbeidh suim acu a gcuid tuairimí a chur san áireamh ar ar chóir go mbeadh cur chuige nua i gcomhair baincéireachta poiblí tugtha isteach in Éirinn”. Beidh an Roinn Ealaíona, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta ag obair leis an Roinn Airdeadais d’fhonn meas a thabhairt ar fhéidearthacht an chioncheapa do bhaincéireacht phoiblí. Ina theannta seo, beidh tréimhse chomhairliúcháin ann do gheallsealbhóirí cuí d’fhonn inmharthanacht an chórais a mheas i gcomhthéacs Éireann.
Beidh an tréimhse comhairliúcháin ar siúl ar feadh ceithre seachtaine go dtí 29 Márta 2017. Tá a thuilleadh eolais ar fáil sa roinn comhairliúcháin ar shuíomh greasáin na Roinne. www.ahrrga.gov.ie. Is féidir iarratais a chur isteach ar líne ná iad a sheaoladh chuig Laure Garcia (laure.garcia@ahg.gov.ie)