Ba mhaith le MerrionStreet.ie, Seirbhís Nuachta Rialtas na hÉireann, cloisteáil uait agus b’fhéidir gur mhaith leatsa cloisteáil uainne. Tugann an leathanach ‘Nasc’ deis duit ríomhphost le do thuairimí a sheoladh chugainn. Uaireanta cuirfear roinnt de na ríomhphoist a mheasaimid a bheith ina n-údar spéise nó smaoinimh ar fáil. Féadfaidh tú chomh maith clárú do Nuachtlitir MerrionStreet.ie agus gníomhóimid gné Webchat a cheadóidh ceisteanna agus freagraí ar líne.

Cén fáth nach gcuireann tú ríomhphost chuig MerrionStreet.ie. B’fhéidir go mba mhian leat do thuairim a thabhairt faoi scéal éigin ar ár láithreán gréasáin nó tuairimíocht níos ginearálta a thabhairt.

Cén fáth nach gcláraíonn tú don Nuachtlitir MerrionStreet.ie. Uaireanta eiseoimid Nuachtlitir ag féachaint siar ar roinnt de na príomhscéalta is déanaí.

Comhrá Gréasáin

Uaireanta oibreoimid Comhrá Gréasáin ina mbeidh deis agat ceisteanna a chur chuig duine sinsearach sa rialtas ar líne. Tabharfar fógra roimh ré.

Gnéphost

Léimid bhur ríomhphoist go léir agus bíonn spéis againn iontu. Más údar spéise nó smaoinimh é do ríomhphost b’fhéidir go mbeimid i dteagmháil leat chun cead a fháil uait é a phriontáil anseo.