Foilsithe ar 

Tugann an tAire Humphreys tús áite don chultúr agus do cheantar tuaithe na hÉireann i gCáinaisnéis 2017

D’fhógair an tAire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, Heather Humphreys TD, inniu (Dé Máirt) méadú ar mhaoiniú ar fud réimse de chomhlachtaí ealaíon agus oidhreachta atá faoi chúram a Roinne, chomh maith le méaduithe ar roinnt scéimeanna tuaithe faoi Cháinaisnéis 2017. Tá sé ráite ag an Aire go dtabharfaidh Cáinaisnéis 2017 seans dá Roinn cur le hoidhreacht dhearfach Éire 2016: Clár Comórtha Céad Bliain, agus soláthar a dhéanamh do phobail tuaithe ar fud na tíre ag an am céanna.

Ar bhuaicphointí Cháinaisnéis 2017 tá:
· €5 mhilliún sa bhreis don Chomhairle Ealaíon, ar méadú é de 8% ar a mbuiséad bliantúil;
· Méadú ar mhaoiniú do na Forais Chultúir Náisiúnta go léir;
· €2 mhilliún chun cur ar chumas Ghailearaí Náisiúnta na hÉireann sciatháin stairiúla a bhfuil athchóiriú déanta orthu a oscailt agus chun Teach Chill Airne a oscailt tar éis infheistíocht shuntasach chaipitil a bheith déanta ag an Stát;
· Méadú de €2 mhilliún do Bhord Scannán na hÉireann agus €1 milliún do Chultúr Éireann;
· €1 milliún breise chun cabhrú leis an gComhairle Oidhreachta a gcuid oibre a dhéanamh;
· Cistiú de €5 mhilliún chun Cultúr 2025/Clár Oidhreachta Éire 2016 a chur i bhfeidhm;
· Méadú faoi thrí ar an maoiniú don Scéim Athnuachana Bailte agus Sráidbhailte (€12 mhilliún san iomlán le haghaidh 2017);
· €8 milliún sa bhreis do Scéimeanna Forbartha Náisiúnta Tuaithe, lena n-áirítear €5 mhilliún do CLÁR, a atosaíodh le déanaí; agus
· €40 milliún chun Clár Forbartha Tuaithe LEADER a chur i gcrích in 2017.

Ag labhairt di inniu dúirt an tAire Humphreys:
“Le Cáinaisnéis 2017, tá mé diongbháilte tógáil ar oidhreacht dhearfach Éire 2016: Clár Comórtha Céad Bliain trí mhéaduithe a chur ar fáil ar chistiú do na príomhfhorais agus gníomhaíochtaí atá faoi mo chúram a chuireann ealaíona agus cultúr ar fáil do dhaoine ar fud na tíre.

“Mar a gealladh sa Chlár don Rialtas Comhpháirtíochta, tá an Chomhairle Ealaíon agus Bord Scannán na hÉireann beirt ag fáil maoiniú méadaithe le haghaidh 2017. Tabharfaidh an maoiniú breise de €5 mhilliún don Chomhairle Ealaíon deis don Chomhairle leanúint uirthi ag tacú le healaíontóirí agus le heagraíochtaí ealaíon ar fud na tíre ar scála mór agus scála beag araon, ó ghrúpaí áitiúla go hAmharclann na Mainistreach.

“Leis an leithdháileadh méadaithe do Bhord Scannán na hÉireann cuirfear tacaíocht ríthábhachtach bhreise ar fáil do thionscal scannánaíochta na hÉireann agus tabharfar deis dóibh cur le rath gan fasach na bliana 2016. Gheobhaidh gach ceann dár bhForais Chultúir Náisiúnta cistiú méadaithe in 2017, lena n-áirítear €1.7 milliún don Ghailearaí Náisiúnta, rud a ligfidh dóibh sciathán Bhaile an Mhuilinn agus sciathán Dargan, a athchóiríodh le déanaí, a oscailt. Mar thoradh ar an tionscadal forbartha, a fuair níos mó ná €30 milliún in infheistíocht ón Stát, tá an Gailearaí anois ina spás taispeántais den scoth agus is ré nua spreagúil í seo don fhoras cultúir iomráiteach seo.

“Tá €5 mhilliún de chistiú faighte agam freisin chun Cultúr 2025/tionscnamh oidhreachta Éire 2016: Clár Comórtha Céad Bliain a chur i gcrích, agus beidh tuilleadh sonraí i dtaca leis sin ar fáil sna seachtainí amach romhainn. Díreofar ar sholáthar cultúir agus rannpháirtíocht sa chultúr i bpobail agus ar leas a bhaint as an dea-thoil agus an rannpháirtíocht thar a bheith dearfach a cruthaíodh le rath ár gclár cuimhneacháin uaillmhianach iléagsúil in 2016.

“Athdhearbhaíonn na bearta ar fad a thacaíonn leis na healaíona, cultúr agus scannán tiomantas an Rialtais seo do mhaoiniú do na healaíona a mhéadú de réir a chéile de réir mar a théann an geilleagar chun feabhais agus léiríonn sé freisin an tábhacht atá le tacú lenár láidreachtaí ealaíonta agus cultúrtha agus iad a chur chun cinn agus an tábhacht atá le tacú le poist inár dtionscail chruthaitheacha.

“Áirítear i gCáinaisnéis 2017 freisin méaduithe thábhachtacha ar fud raon scéimeanna a rachaidh chun tairbhe do dhaoine ina gcónaí agus ag obair faoin tuath in Éirinn. Mar a gealladh sa Chlár don Rialtas Comhpháirtíochta, cuirfear scéim feabhsaithe d’Athnuachan Bailte agus Sráidbhailte ar fáil in 2017. Tá mé ag méadú an maoiniú don scéim faoi thrí, rud a fhágfaidh ag €12 mhilliún é in 2017. Leis seo ligfear do ghnóthais áitiúla agus d’Údaráis Áitiúla fóntais agus áiseanna a fheabhsú a chuirfidh leis an gcaighdeán maireachtála do chónaitheoirí na tuaithe.

“Tá i gceist agam freisin scéim phíolótach a reáchtáil in 2017 chun níos mó daoine a spreagadh chun dul ag cónaí i lár bailte agus sráidbhailte. Tá cistiú á chur ar fáil freisin chun ullmhú d’fheidhmiú céimneach an leathanbhanda faoin tuath ó 2017 ar aghaidh. Rachaidh an méadú de bheagnach 20% ar mhaoiniú don Chomhairle Oidhreachta chun tairbhe do phobail i gceantair tuaithe na hÉireann agus beidh an Scéim Infheistíochta don Oidhreacht Thógtha á reáchtáil arís in 2017.

“Cé go gcuirfidh na tionscnaimh seo ina n-aonar ar bhealach dearfach le forbairt na tuaithe, is é a dtionchar in éineacht, chomh maith le tionscnaimh eile ar fud réimsí uile an Rialtais, a dhéanfaidh difríocht cheart agus inbhuanaithe do cheantair thuaithe na hÉireann. Foilseoidh mé Plean Gníomhaíochta um Fhorbairt Tuaithe go luath. Déanfaidh an Plean Gníomhaíochta comhordú ar fhorbairt tuaithe agus cuirfear struchtúr foriomlán ar fáil don fhorbairt tuaithe ar fud an Rialtais.”

Bhí an méid seo le rá ag an Aire Stáit um Fhorbairt Eacnamaíoch Réigiúnach, Michael Ring TD:
“Tá infheistíocht mhéadaithe inár Scéimeanna Forbartha Tuaithe curtha i dtosaíocht agam i gCáinaisnéis 2017, lena chinntiú go mbeidh tionchar dearfach leanúnach ag na scéimeanna sin ar gheilleagar na tuaithe agus ar fhorbairt shóisialta agus chultúrtha na tuaithe.

“An tseachtain seo caite d’fhógair mé athoscailt CLÁR, a raibh tóir air. Déanfar an scéim a reáchtáil arís in 2017, le leithdháileadh méadaithe de €5 mhilliún. Cuirfidh sé seo airgead isteach go díreach i bpobail tuaithe ar fud na tíre. Beidh tionchar dearfach inbhraite ag an scéim seo agus scéimeanna tuaithe eile atá á reáchtáil ag an Roinn seo ar cheantair tuaithe.

“Mar gheall ar leithdháileadh na cáinaisnéise i mbliana, beifear in ann Teach Chill Airne i bPáirc Náisiúnta Chill Airne a oscailt agus ár bpáirceanna náisiúnta agus anaclanna dúlra go léir a fheidhmiú agus a bhainistiú, ar sócmhainní an-tábhachtacha iad dár n-earnáil turasóireachta. Rinneadh infheistíocht Stáit nach beag i dTeach Chill Airne agus leis an gcistiú méadaithe i gCáinaisnéis na bliana seo beifear in ann doirse an Tí a oscailt don phobal.”

Dúirt an tAire Stáit don Ghaeltacht agus na hOileáin, Seán Kyne TD:
“Leanfaidh an Roinn ar aghaidh ag cur tacaíocht don Ghaeilge i dtús áite chomh maith le forbairt inbhuanaithe phobail na n-oileán in 2017. Tá an leithdháileadh cistiúcháin do Scéimeanna Tacaíochta Gaeltachta agus Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge araon á mhéadú don bhliain seo chugainn. Tá an cistiú á mhaoiniú freisin don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, lena ndéanfar tuilleadh dul chun cinn ar an straitéis ríthábhachtach sin sa bhliain amach romhainn.

“Gheobhaidh Údarás na Gaeltachta, a chuireann tacaíocht ríthábhachtach ar fáil d'fhiontair i gceantair Ghaeltachta, leithdháileadh de €3.25 milliún dá chlár caiteachais reatha agus coinneoidh sé a leithdháileadh caipitil de €6.687 milliún, rud a chuirfidh, i dteannta leithdháileadh caipitil breise de €2.4 milliún atá gnóthaithe agam dó i mbliana, ar chumas na gníomhaireachta leanúint ar aghaidh ag tacú le cruthú post i gceantair Ghaeltachta.”