Foilsithe ar 

Seolann an tAire Humphreys straitéis ceithre bliana do Líonra Mhúsaeim na nÚdarás Áitiúil

Sheol an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys, Straitéis nua Líonra Mhúsaeim na nÚdarás Áitiúil 2016-2019 inniu (Dé Céadaoin).
‘Preserving the Past – Shaping the Future’. Déanann Líonra Mhúsaeim na nÚdarás Áitiúil (LAMN) ionadaíocht thar ceann 12 Mhúsaem Údarás Áitiúil ar fud na hÉireann, a bhfuil ról ríthábhachtach acu i saol sóisialta, cultúrtha agus eacnamaíoch na réigiún ar fud na tíre.

Áiríonn buaicphointí na straitéise seo:
· Breathnú ar bhealaí chun teacht i dtír ar na deiseanna a chuireann an teicneolaíocht ar fáil chun bailiúcháin a chur chun cinn agus chun freastal ar dhaoine nua;
· Oibriú le chéile chun ról faoi leith a imirt i nDeich mBliana na gCuimhneachán;
· Breathnú ar dheiseanna do chomhoibriú tríd an gclár nua maoiniúcháin de chuid an AE;
· Leanúint le compháirtíochtaí le príomhpháirtithe leasmhar a threisiú agus a fhorbairt chun príomh-mhisean an LAMN a chur i gcrích.

Agus í ag labhairt inniu, bhí an méid seo le rá ag an Aire Humphreys:
“Tá ról ríthábhachtach agus réamhghníomhach ag údaráis áitiúla ar fud na hÉireann i gcur chun cinn agus i gcaomhnú an chultúir agus na hoidhreachta agus iad ag cinntiú an chaighdeáin mhaireachtála is fearr is féidir dá bpobal. Trína seirbhísí músaeim treisíonn siad pobail áitiúla trí bhonn agus taca a chur faoi fhéiniúlacht agus faoi mhórtas áite. Ar an mbealach sin, cuireann na músaeim seo le forbairt gníomhaíocht inbhuanaithe eacnamaíochta i gceantair áitiúla.

“Déanann 12 mhúsaem údarás áitiúil freastal ar dhaonra de os cionn 1.8 milliún duine agus meallann siad os cionn leathmhilliún cuairteoir gach bliain. Oibríonn siad le scoileanna áitiúla agus grúpaí eile, agus tá ról suntasach acu i spreagadh na turasóireachta áitiúla agus réigiúnaí trí thacú le féiniúlacht agus íomhá chultúr na hÉireann a chur i láthair cuairteoirí ó thar lear. Tá teacht aniar iontach léirithe ag líonra na músaem áitiúil le blianta beaga anuas. Anois, tríd an straitéis seo, tá earnáil na músaem áitiúil ag pleanáil don todhchaí le muinín. Cuideoidh an straitéis chun líonra na músaem áitiúil a dhaingniú mar ghné ríthábhachtach d’fhás na bpobal áitiúil.”

Dúirt John Rattigan, Cathaoirleach Líonra Mhúsaeim na nÚdarás Áitiúil:
“Áiríonn bailiúcháin shaibhre mhúsaeim na n-údarás áitiúil roinnt de na heiseamláirí is uathúla agus is spreagúla d’oidhreacht seandálaíochta agus stairiúil na hÉireann ar féidir linn sásamh a bhaint astu ar bhealaí éagsúla. Léiríonn an réimse leathan agus samhlaíoch taispeántais agus imeachtaí a chuireann músaeim na n-údarás áitiúil ar bun go náisiúnta an tionchar spreagúil a bhíonn ag músaeim áitiúla maidir le comhtháthú sóisialta a chruthú ina gcuid pobal.”

“Mar ghrúpa d’eagraíochtaí gairmiúla, ceann de láidreachtaí uathúla an LAMN is ea an cumas ceannródaíocht a dhéanamh ar chláir nua agus samhlaíocha chun bheith rannpháirteach le pobail ar gach aoisghrúpa agus gach cúlra. Leis an straitéis uaillmhianach ceithre bliana seo, táimid ag réiteach an bhealaigh chun cinn agus muid ag déanamh ár ndícheall bealaí nua a aimsiú chun ár misean a chur i gcrích.”