Foilsithe ar 

Ráiteas ón Taoiseach Enda Kenny TD faoin ionsaí ar Nice

Tá an mhothú bainte asam ag an ionsaí seo ar Nice. Díríodh arís an babhta seo ar dhaoine neamhurchóideacha a bhí i mbun ceiliúrtha agus spóirt. Tá go leor saothraithe ag muintir na Fraince mar atá agus seo anois ionsaí foréigneach eile orthu. Ní féidir géilleadh don olc agus níl ghéillfimid. Thar mo cheann fhéin, thar ceann an Rialtais agus mhuintir na hÉireann ba mhaith liom comhbhrón ó chroí a dhéanamh leis an Uachtarán Hollande agus le muintir na Fraince ar fad.