Foilsithe ar
Os cionn €600,000 ceadaithe ag an Aire Stáit Kyne le haghaidh oibreacha ar na hoileáin
Tá fógartha ag an Aire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe & Gaeltachta, Seán Kyne T.D., inniu go bhfuil deontais de €654,900 ina n-iomláine ceadaithe aige chun oibreacha feabhsúcháin a chur i gcrích ar oileáin éagsúla amach ón gcósta agus ar shaoráidí a fhreastalaíonn ar oileáin. Is do Chomhairlí Contae Dhún na nGall, Mhaigh Eo, Chorcaí agus na Gaillimhe atá na deontais ceadaithe mar seo a leanas:
Comhairle Contae Dhún na nGall | € 96,800 |
Comhairle Contae Mhaigh Eo | €138,800 |
Comhairle Chontae na Gaillimhe | €246,000 |
Comhairle Contae Chorcaí | €173,300 |
Beidh na Comhairlí Contae ag cómhaoiniú na tionscadail seo. Tá mionsonraí maidir leis na hoileáin i gceist agus na hoibreacha beartaithe tugtha sa tábla ceangailte.
Dúirt an tAire Stáit Kyne go raibh sé an-sásta go raibh ar a chumas fógra mar seo a dhéanamh. “Léiríonn fógra an lae inniu go bhfuil mo Roinnse, nuair atá deis aici é sin a dhéanamh, tiomanta do chúnamh caipitil a chur ar fáil le saoráidí a fheabhsú do phobail ár n-oileáin” a dúirt sé.
CRÍOCH
Contae | Sonraí | Oileán |
Dún na nGall | Obair athchóirithe ar bhóthar | Árainn Mhór |
Obair athchóirithe ar bhóthar | Toraigh |
Ionad beag athchúrsála | Toraigh |
Maigh Eo | Obair athchóirithe ar bhóthar | Cliara |
Obair athchóirithe ar bhóithre | Inis Bigil |
Obair athchóirithe ar bhóthar | Inis Toirc |
Gaillimh | Obair athchóirithe ar bhóithre éagsúla | Árainn |
Obair athchóirithe ar bhóthar | Inis Oírr |
Corcaigh | Uasghrádú ar fhánán ag Baile na Cille | An tOileán Mór |
Obair athchóirithe ar bhóthar | An tOileán Mór |
Scáthlán a thógáil ag Piara Scoil Mhuire | Inis Fada |
Bóthar rochtana & droichead beag a thógáil chuig suíomh an Bhataire | Faoide |
Cosán rochtana a thógáil chuig Trá an Airgid | Inis Arcáin |