Foilsithe ar 

Meabhrán Tuisceana á shíniú ag an Aire Donohoe ar Chomhoibriú agus Malartú Cultúrtha leis an tSín

Cabhróidh neartú ár gcaidrimh leis an tSín le healaíontóirí na hÉireann agus na Síne araon

Sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta maidin inniu, rinne Paschal Donohoe, an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Meabhrán Tuisceana ar Chomhoibriú agus Malartú Cultúrtha a chomhshíniú leis an Leas-Aire Cultúir as Daon-Phoblacht na Síne, Xiang Zhaolun, idir an dá aireacht.

Leis an Meabhrán Tuisceana cuirtear treisiú na gcaidreamh cultúrtha idir an dá thír le blianta beaga anuas san áireamh, chomh maith leis an méadú suntasach atá tagtha ar chur i láthair cultúrtha sa dá thír mar aon leis an gcomhoibriú méadaithe idir forais chultúir sa dá thír.  I láthair ag an síniú inniu bhí Fionnuala Croke Uasal, Stiúrthóir Leabharlann Chester Beatty, agus an tUasal Yue Xiaoyong, Ambasadóir na Síne go hÉirinn.

Ag an síniú, leag an tAire Donohoe béim ar thábhacht na taidhleoireachta cultúrtha agus dúirt go bhféachtar ar Éirinn mar thír a bhfuil ceannasacht bainte amach aici thar am sa réimse seo.

Dúirt an tAire:

Is mór an tábhacht a bhaineann leis an gcultúr mar shócmhainn dholáimhsithe, agus ligeann sé do thíortha de mhéideanna difriúla, ar nós na hÉireann agus na Síne, tuiscint a fháil ar dhifríochtaí a chéile, ag an am céanna ag tabhairt deis dúinn an dhaonnacht atá i gcoitinne againn a cheiliúradh.  Le blianta beaga anuas, de réir mar a tháinig méadú ar an leibhéal trádála idir Éirinn agus an tSín, mhéadaigh leibhéal an mhalartaithe cultúrtha freisin. Tá súil agam go leanfar leis an bpróiseas seo mar thoradh ar shíniú an Mheabhráin Tuisceana inniu agus go ndéanfar caidrimh chultúrtha idir ár ndá thír a neartú a thuilleadh.”