Foilsithe ar 

Lá Oscailte Scoil Naomh Éanna á athchruthú ag níos mó ná 35 taibheoir óg mar chuid de Shearmanais Stáit ag Músaem na bPiarsach

Is ócáid speisialta í seo i dtimpeallacht álainn Pháirc Naomh Éanna i Ráth Fearnáin chun ról agus tábhacht na Gaeilge a cheiliúradh agus machnamh a dhéanamh ar shaol Phádraig Mhic Phiarais agus an méid a chuir sé le healaíona agus cultúr na hÉireann.

Cuirfear tús leis an searmanas, atá mar chuid den snáithe An Teanga Bheo de chuid Éire 2016: Clár Comórtha Céad Bliain, le spreagaitheasc ón aoi oinigh, an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn. Ina dhiaidh sin cuirfear píosa den seó Aeridheacht: Taking the Air i láthair ina mbeidh 35 taibheoir óg idir 13 agus 24 bliana d’aois as Grúpa Ealaíon Pobail Thamhlachta páirteach, agus déanfar lá oscailte i Scoil Naomh Éanna sa bhliain 1914 a athchruthú.

Leis An Teanga Bheo, ceann de sheacht shnáithe Éire 2016, déantar ról agus tábhacht na Gaeilge a cheiliúradh le clár iléagsúil imeachtaí. Bhí athbheochan na Gaeilge mar phríomhsprioc ag an nglúin ar ar tugadh ‘An Ghlúin Réabhlóideach’. Bhí go leor de smaointeoireacht cheannairí 1916 bunaithe ar fhís d’Éirinn neamhspleách lena teanga labhartha agus scríofa féin, a bheadh mar bhunchloch dá cultúr uathúil.

Roghnaíodh Páirc Naomh Éanna, áit a raibh Scoil Éanna lonnaithe san am a chuaigh thart agus ina bhfuil Músaem na bPiarsach anois, go speisialta don searmanas stáit, a bheidh ar siúl ar thailte an Mhúsaeim. Bhí suim mhór ag an bPiarsach, duine de cheannairí Éirí Amach 1916, san oideachas, rud a d’eascair ón bhaint a bhí aige le Conradh na Gaeilge agus gluaiseacht na Gaeilge.

Dúirt Seán Kyne, TD, Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta agus Acmhainní Nádúrtha: "Tá sé ríthábhachtach dúinne, i mbliain seo an Chéid, áit uathúil thábhachtach na Gaeilge in aistear na tíre seo le 100 bliain anuas a thabhairt chun cuimhne. Is cuí ach go háirithe go bhfuil an searmanas seo lenár dteanga náisiúnta a cheiliúradh ag tarlú anseo ar thailte Mhúsaem na bPiarsach, áit a raibh cónaí ar Phádraig Mac Piarais agus inar reáchtáil sé a Ghaelscoil nuálach, Scoil Éanna, idir 1910 agus 1916. Tá sé ríthábhachtach go leanfar leis an bhfuinneamh agus an bheocht atá mar shaintréith den chlár An Teanga Bheo agus go bhfeabhsófar iad sa todhchaí.”

Chuir an tAire Seán Canney, TD, Aire Stáit le freagracht speisialta as Oifig na nOibreacha Poiblí agus Faoiseamh Tuile, lena chuid cainte: “Tá lúcháir orm go bhfuil bliain seo an Chéid á comóradh ag m’Oifig, Oifig na nOibreacha Poiblí, le taispeántas buan nua ar shaol Phádraig Mhic Phiarais anseo i Músaem na bPiarsach. Déantar an cheist ‘Cérbh é an Piarsach’ a chíoradh sa taispeántas agus tugtar léargas spéisiúil ar thráthanna éagsúla shaol an Phiarsaigh ag úsáid déantáin, píosaí scannáin agus na cupáin agus sásair a d’úsáid Pádraig agus a dheartháir Liam don bhéile deiridh a bhí acu lena dteaghlach i bPáirc Naomh Éanna. Mholfainn do chách freisin cuairt a thabhairt ar an dealbh, The Wayfarer, sa gharraí daingean, ar a bhfuil téacs an dáin dheiridh a scríobh an Piarsach. Is cuí an leacht é ós rud é gur shaoir chloiche iad a athair, James, agus a dheartháir, Liam”.

CRÍOCH

Ord Reatha:

13:30 Teacht na n-aíonna, Clann Mhic Phiarais ina measc
13:55 Teacht Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUiginn agus Saidbhín Uí Uigínn
14:00 Cuirfear tús leis an searmanas le taibhiú ó Fhearghas Mac Lochlainn (Garnia Phádraig Mhic Phiarais)
14:09 Spreagaitheasc ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn
14:30 Tabharfaidh coimeádaí an taispeántais, Brian Crowley, an tUachtarán Ó hUigínn agus Saidhbhín Uí Uigínn ar thuras gearr ar fud an Taispeántais nua
14:55 Tabharfaidh an tUachtarán agus a chomhluadar cuairt ar an dealbh sa gharraí daingean
15:00 Cuirfidh Ealaíona Pobail Thamhlachta sliocht as Aeridheacht – Taking the Air i láthair ar thailte an Mhúsaeim
15:25 Críoch leis an searmanas