Foilsithe ar 

Fógraíonn an tAire Stáit Ó Ríordáin go bhfuil Niall McLaughlin Architects roghnaithe chun ionadaíocht a dhéanamh thar ceann na hÉireann ag an 15ú Taispeántas Idirnáisiúnta Ailtireachta sa Veinéis in 2016

Tá fógartha ag Aodhán Ó Ríordáin T.D., Aire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, inniu (16 Samhain, 2015), go bhfuil Niall McLaughlin Architects roghnaithe chun ionadaíocht a dhéanamh thar ceann na hÉireann ag an 15ú Taispeántas Idirnáisiúnta Ailtireachta sa Veinéis in 2016. 

Agus é ag athdheimhniú tiomantas an Rialtais maidir le tacú le rannpháirtíocht na hÉireann ag Biennale na Veinéise, nótáil an tAire ‘go bhfuil méadú ag teacht i gcónaí ar an spéis agus an tuiscint idirnáisiúnta maidir le hailtireacht nua-aimseartha na hÉireann agus cuireann láithreacht na hÉireann ag an Biennale deis den scoth ar fáil d’ailtirí na hÉireann smaointeoireacht nua a chur i lár an aonaigh agus modhanna cur chuige ailtireachta na hÉireann a chur i láthair.

Is é ‘Reporting from the Front’ téama an 15ú Taispeántas Idirnáisiúnta Ailtireachta, a bheidh ar siúl ón 28 Bealtaine go dtí an 27 Samhain 2016.  Agus é ag fógairt téama an taispeántais, dúirt Alejandro Aravena, stiúrthóir ealaíne an Biennale, ‘go bhfuil roinnt cath le buachan agus roinnt teorainneacha le sárú chun feabhas a chur ar chaighdeán na timpeallachta tógtha agus, dá réir, caighdeán maireachtála na ndaoine... ag an Biennale seo, táimid ag iarraidh go n-inseofar scéalta ar fiú iad a insint agus go roinnfear eiseamláirí ar fiú iad a roinnt agus a léiríonn go ndearna agus go ndéanfaidh ailtireacht difríocht ó thaobh na cathanna sin a bhuachan agus na teorainneacha sin a shárú '.

Agus iad ag freagairt do théama foriomlán an Biennale, léiríonn an togra a chuir Niall McLaughlin Architects agus atá coimeádta Yeoryia Manolopoulou, an tsuim atá acu bheith ag obair mar ailtirí chun suim daoine a fhulaingíonn leis an ngalar Alzheimer a thuiscint agus a fheabhsú.

Breathnóidh an fhoireann roghnaithe ar eispéiris spásúla dhaoine leis an ngalar Alzheimer agus iad ag aithint ag an am céanna gur beag seans go mbeidh aon chosúlacht ag na heispéiris sin le léiriú traidisiúnta ailtireachta ar bith. Déanfaidh an tsuiteáil sa Veinéis taifead agus léiriú ar eispéireas an duine atá ag fulaingt leis an ngalar seo agus léireofar é mar spás lena shaintréithe féin. Beidh an coincheap lárnach seo á thionlacan ag píosa comhthéacsúil agus ag feachtas meán sóisialta chun a chinntiú go mbeidh tionchar an taispeántais le brath níos faide ó bhaile ná an Biennale. 

Dúirt Christine Sisk, Stiúrthóir Chultúr Éireann:  ‘Is é Biennale Ailtireachta na Veinéise an taispeántas is fearr ar domhan do chur i láthair cumas ailtireachta nua-aimseartha.  Cinnteoidh roghnú Niall McLaughlin Architects chun an fód a sheasamh d'Éirinn in 2016 go dtógfar ar rath na hÉireann ag an Biennale le blianta anuas agus go gcuirfear tuilleadh béime ar fud an domhain ar chumas agus ar fhreagrúlacht ailitirí na hÉireann.’

Dúirt Orlaith McBride, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon: ‘Tá an-bhród ar an gComhairle Ealaíon tacú le Niall McLaughlin Architects agus iad ag déanamh ionadaíochta thar ceann na hÉireann ag Biennale na Veinéise in 2016. Léiríonn saothar Niall an tábhacht idirnáisiúnta a bhaineann le hailtireacht na hÉireann inniu agus táimid ag tnúth go mór leis an taispeántas iontach a bheidh sa Veinéis."

Is tionscnamh de chuid Rannán Chultúr Éireann na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta é Éire sa Veinéis, i gcomhpháirtíocht leis an gComhairle Ealaíon.

Críoch