Foilsithe ar 

Fóram Comhairleach Chanáil Uladh á bhunú

Tá sé fógartha ag an Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, Heather Humphreys T.D., agus an tAire Infreastruchtúir, Chris Hazzard, MLA, go bhfuil Fóram Comhairleach Chanáil Uladh á bhunú.

Is é cuspóir an Fhóraim breathnú ar roghanna chun tionscadal Chanáil Uladh a bhogadh chun cinn agus meicníochtaí féideartha cistiúcháin a scrúdú, lena n-áirítear sruthanna cistiúcháin atá ann cheana féin chomh maith leis an fhéidearthacht cistiú a ghiaráil as foinsí eile. Beidh aird ag an bhfóram ar an athbhreithniú ar Chanáil Uladh atá á thabhairt chun cinn ag Feidhmeannacht Thuaisceart Éireann agus Rialtas na hÉireann mar atá leagtha amach in “A Fresh Start – The Stormont Agreement and Implementation Plan.”

Beidh comhaltacht an Fhóraim déanta suas de bheirt chomhalta tofa agus oifigeach amháin as Comhairle Contae Mhuineacháin, Comhairle Contae an Chabháin, Comhairle Dúiche Fhear Manach agus na hÓmaí chomh maith le hardoifigigh ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, An Roinn Infreastruchtúir agus Uiscebhealaí Éireann. Tabharfar cuireadh do pháirtithe leasmhara as eagraíochtaí eile freastal ar chruinnithe de chuid an Fhóraim de réir mar is cuí.

Ag fógairt bunú an Fhóraim di, dúirt an tAire Humphreys:
“Tar éis cead a fháil ó Rialtas na hÉireann chun tús a chur le Ceim 1 de thionscadal athchóirithe Chanáil Uladh ó Loch Éirne Uachtair go Caisleán Shandarsan, is mian liom tógáil ar an bhfuinneamh sin agus plean a dhéanamh d’fhorbairt bhreise na hacmhainne tábhachtaí seo, atá ríthábhachtach do cheantar na teorann. Dinimic dhearfach a bheidh san Fhóram seo, ar a mbeidh príomhpháirtithe leasmhara ar bhealach Chanáil Uladh, ó thaobh an tionscadal a bhrú chun cinn.”

Dúirt an tAire Hazzard:
“Is mian liom go ndéanfaí Canáil Uladh a fhorbairt i gcomhpháirtíocht le comhairlí agus pobail áitiúla. Trí bheith ag obair i gcomhar lena chéile is féidir linn acmhainneacht turasóireachta an réigiúin go léir a fhuascailt agus an t-uasmhéid a bhaint as na deiseanna cistiúcháin go léir atá ar fáil. Léiríonn an gealltanas a rinneadh sa chomhaontú Fresh Start go soiléir an tsuim chomhroinnte atá againn i ndul chun cinn an tionscadail seo."