Foilsithe ar 

Fás ar dhaonra na tíre go 4.76 milliún in 2016 - An Phríomh-Oifig Staidrimh

Foilsítear inniu na chéad torthaí de Dhaonáireamh 2016. Is é réamhfhigiúr an daonra de réir an áirimh a rinneadh Oíche an Daonáireamh (Domhnach na 24ú Aibreán 2016, ná 4,757,976 duine. Tagann sé seo i gcomparáid leis an daonra de 4,588,252 duine a bhí ann i mí Aibreáin 2011; méadú de 169,724 duine nó 3.7% ar an daonra ó 2011 i leith. 

Tá na chéad torthaí faoi thithíocht agus faoi aonaid chónaithe fholmha san fhoilseachán seo chomh maith. Léirítear ann go bhfuil fás de 49,285 tagtha ar líon na dtithe áitithe ar fhigiúirí Aibreán 2011, agus go bhfuil laghdú de 29,889 tagtha ar líon na n-aonad chónaithe folamh sa tréimhse chéanna. 

Mar a mhínigh Brendan Murphy, Staitisteoir leis an bPríomh-Oifig Staidrimh (POS):

Fiú leis an méadú beag atá tagtha ar líon na dtithe saoire (1,809 aonad breise), tá laghdú de bheagnach 14 faoin gcéad, ionnan agus 31,700 aonad, tagtha ar líon na n-aonad chónaithe folamh eile ó mhí Aibreáin 2011. Feictear na laghduithe seo mórthimpeall na hÉireann, leis na laghduithe is mó i gCeatharlach agus i mBaile Átha Cliath. Tá na sonraí ar fad maidir le tithíocht, tithe saoire agus aonaid chónaithe fholmha eile anois ar fáil ar shuíomh idirlín an POS i léarscáil idirghníomhach atá éasca le húsáid agus mholfaimis do lucht an phobail cuairt a thabhairt air agus breathnú ar na torthaí don a gceantar féin. 

Is féidir níos mó eolas a fháil ar suíomh an POS anseo.