Foilsithe ar 

Deontas suas le €43,620 ceadaithe ag an Aire Stáit McHugh do Choiste Aosach Cheantar na nOileán, Co na Gaillimhe chun mionbhus a cheannach

D’fhógair Joe McHugh T.D., Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin inniu (Dé Luain) go bhfuil deontas suas le €43,620 ceadaithe aige do Choiste Aosach Cheantar na nOileán, Co. na Gaillimhe chun cuidiú leo mionbhus nua a cheannach.

Ag fógairt an deontais seo, dúirt an tAire Stáit go raibh an-áthas air an deontas a chur ar fáil. “Is aitheantas é an deontas seo don obair fhiúntach atá ar siúl ag Coiste Aosach na nOileán ar son daoine scothaosta i gCeantar na nOileán. De thoradh an deontais, beidh an coiste in ann freastal níos fearr ar phobal an cheantair atá ag dul amach in aois agus cuidiú leo saol neamhspleách a bheith acu.”

Is faoi réimse gnímh an Ghaeltacht de chuid na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 atá an deontas á cheadú.