Foilsithe ar 

Cuairt á tabhairt ag an Aire Stáit Ring ar Pháirc Náisiúnta Chonamara agus infheistíocht chaipitil os cionn €250,000 á fógairt aige do 2016

Thug Michael Ring, an tAire Stáit um Fhorbairt Eacnamaíoch Réigiúnach, a chéad chuairt oifigiúil inniu ar Pháirc Náisiúnta Chonamara.  Mar chuid dá shainchúram tá an tAire freagrach as na sé pháirc náisiúnta in Éirinn.

Le linn a chuairte, mhol an tAire na háiseanna iontacha atá ar fáil inár bPáirceanna Náisiúnta:

“Tá sé Pháirc Náisiúnta na hÉireann ann do mhuintir na tíre go léir le taitneamh a bhaint astu.  Meallann siad turasóirí freisin agus léiríonn siad éagsúlacht álainn oidhreacht náisiúnta na hÉireann. Is cuid ríthábhachtach dár dtairiscint náisiúnta turasóireachta iad na páirceanna náisiúnta agus bíonn ról lárnach acu i bhforbairt réigiúnach. Tá mé ag súil go mór le cuairt a thabhairt ar ár bPáirceanna Náisiúnta go léir sna míonna amach romhainn.”

Dhearbhaigh an tAire freisin go bhfuil infheistíocht chaipitil de níos mó ná €250,000 á cur ar fáil do Pháirc Náisiúnta Chonamara.  Tá an maoiniú seo, atá mar chuid de Chlár Caipitil na Roinne don tSeirbhís Páirceanna agus Fiadhúlra Náisiúnta, dírithe ar thionscadail chaipitil thosaíochta atá aitheanta sna 6 Pháirc Náisiúnta agus 80 Anaclann Dúlra reachtúla sa tír.

Tá os cionn €200,000 leithdháilte ar oibreacha uasghrádaithe, lena n-áirítear deisiú agus athdhromchlú bóthar ag an gCoill Mhór, oibreacha tógála ar an mballa ag an Sruthán Buí agus ábhar léirmhíniúcháin a uasghrádú.  Tá €40,000 á chaitheamh ar oibreacha uasghrádaithe agus cothabháil ghinearálta ag Binn Ghuaire, sa bhreis ar an €49,000 a caitheamh ar an obair athchóirithe sin anuraidh.  Tá €10,000 breise leithdháilte do speiceas ionracha a chur faoi smacht.

Ag labhairt dó inniu dúirt an tAire Ring: 

‘Cé go raibh na blianta deireanacha seo deacair ó thaobh maoiniú an Státchiste de, tá lúcháir orm go bhfuil muid anois in ann tuilleadh infheistíochta a dhéanamh inár n-oidhreacht nádúrtha. Leis an gcistiú seo ó mo Roinn tá an gealltanas sa Chlár don Rialtas Comhpháirtíochta i dtaca le tacaí do thuath na hÉireann a fheabhsú á chur i bhfeidhm. Tá sé ar intinn agam leanúint leis an infheistíocht inár bPáirceanna Náisiúnta agus Anaclanna Dúlra lena chinntiú go bhfanfaidh siad ina n-acmhainn ríthábhachtach turasóireachta a thacaíonn leis an ngeilleagar, ar bhonn náisiúnta agus réigiúnach araon.’