Foilsithe ar 

Comhrá ag an Taoiseach le Céad Aire na hAlban agus Céad Aire na Breataine Bige

Labhair an Taoiseach Leo Varadkar ar an bhfón inniu le Céad Aire na hAlban, Nicola Sturgeon agus le Céad Aire na Breataine Bige, Carwyn Jones.
Thréaslaigh an Bheirt Chéad Aire a cheapachán ina Thaoiseach leis.
Tá an Taoiseach agus na Chéad Airí ag súil le bheith ag obair in éineacht sna míonna atá romhainn go háirithe i dtaobh na caidrimh mhaithe dhéthaobhacha idir Éirinn, Albain agus an Bhreatain Bheag a fhorbairt agus a chothabháil.
Léirigh siad freisin a dtiomantas d'obair Chomhairle na Breataine-na hÉireann (BIC), institiúid thábhachtach i gComhaontú Aoine an Chéasta. Thug siad ar aird an ról a d'fhéadfadh an Chomhairle a imirt i dtaobh an Bhreatimeachta agus tá siad ag súil bualadh lena chéile ag chéad chruinniú mullaigh eile na Comhairle atá in ainm is a bheith i nGeirsí i mí na Samhna.
Labhraíodh freisin sa dá chomhrá ar an méid atá tite amach i gcúrsaí polaitíochta sa Ríocht Aontaithe le déanaí chomh maith leis an staid i dTuaisceart Éireann.
Maidir leis an mBreatimeacht, thug na Céad Airí Sturgeon agus Jones le fios arís an tuairim docht atá acu gur cheart don Ríocht Aontaithe fanacht sa Chomhaontas Custaim agus sa Mhargadh Aonair agus dúirt an Taoiseach go leanfadh sé á chur sin chun tosaigh ag leibhéal an AE le súil is sin a bhaint amach.