Foilsithe ar 

Cód Cleachtais nua á sheoladh ag an Aire Humphreys don tseandálaíocht i dtionscadail iompair

Sheol an tAire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, Heather Humphreys, inniu Cód Cleachtais nua don tSeandálaíocht lena bhfuil sé mar aidhm an leas is mó is féidir a bhaint as bainistiú suíomhanna seandálaíochta a aimsítear le linn mórthionscadail iompair. Rinneadh an Cód a dhréachtú agus a chomhaontú idir Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta (SSN) i Roinn an Aire agus Bonneagar Iompair Éireann (BIÉ).

Rinneadh an tÚdarás um Bóithre Náisiúnta agus an Ghníomhaireacht um Fháil Iarnród a chumasc in 2015 agus rinneadh BIÉ díobh.  Leis an gCód nua déantar comhaontuithe ar leithligh a bhí ann roimhe leis na heagraíochtaí sin agus a théann siar deich mbliana a athsholáthar agus a thabhairt cothrom le dáta.

Ag labhairt di inniu, dúirt an tAire Humphreys:

“Cuirfidh an Cód nua seo creat aonair ar fáil leis an tseandálaíocht a bhainistiú ar fud thionscadail uile BIÉ, lena n-áirítear seandálaithe tionscadail a cheapadh le foirne a dhearadh. Is féidir le fionnachtana seandálaíochta gan choinne dúshláin shuntasacha a chruthú do thionscadail bhóithre náisiúnta agus iarnróid éadrom. Tá sé mar aidhm leis an gCód seo déileáil leis na fionnachtana sin ar bhealach cothrom comhordaithe a chosnaíonn ár n-oidhreacht seandálaíochta agus ag an am céanna a dhéanann cinnte nach gcuirfear isteach ar mhórscéimeanna infreastruchtúir níos mó ná mar atá riachtanach.

“Cruthaíodh luach na gCód Cleachtais a bhí ann roimhe seo mar gur chosain siad ár n-oidhreacht luachmhar seandálaíochta agus mar gur tarraingíodh aird ar an iliomad suíomhanna agus déantúsán spreagúil a aimsíodh. Trí thorthaí na bhfiosrúchán agus na tochailtí a rinneadh a fhoilsiú agus a scaipeadh, chuir muid go mór leis an tuiscint ar ár stair agus le hómós áite.

“Ag an am céanna, ar ndóigh, bhain BIÉ agus a chomheagraíochtaí tairbhe as bheith in ann impleachtaí seandálaíochta a gclár infheistíochta a bhainistiú ar bhealach níos struchtúrtha agus níos straitéisí, ar an dóigh sin ag seachaint moill agus costais fhéideartha cheilte.

“Ta ár n-oidhreacht chultúrtha de shíor ag athrú. Léiríonn an Cód leasaithe nuashonraithe seo an dinimic sin agus is léiriú soiléir é freisin ar chumas an dá pháirtí bheith solúbtha agus réidh chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá le sárú ag ár n-oidhreacht seandálaíochta de réir mar a fhorbraíonn riachtanais iompair na hÉireann.”