Foilsithe ar 

Bronann an tAire a bhfuil Freagracht air maidir le Cosaint, an tUasal Paul Kehoe Scrollaí Molta ar Iarbhaill Chriú an LÉ Clíona

Bhronn an tAire Cosanta, an tUasal Paul Kehoe, T.D., Scrollaí Moltaí inniu (Déardaoin, an 1 Meán Fómhair 2016) ar iarbhaill chriú an LÉ Clíona ag searmanas a bhí ar bord an L.É. Niamh i mBaile Átha Cliath. 

Tar éis do na húdaráis mhíleata athbhreithniú a dhéanamh le déanaí ar eachtra a tharla ar bord an LÉ Clíona an 29 Bealtaine 1962, d'aontaigh an tAire Cosanta le moltaí lucht déanta an athbhreithnithe go mbronnfaí scrolla Molta ar cheathrar ball de chriú an LÉ Clíona, An Leifteanant Pat O’Mahony, An Tineadóir Inniúil Bill Mynes, An Príomh-Shaor Innealseomra  Maurice Egan agus An Tineadóir Ceannais Gerry O’Callaghan (tar éis a bháis i gcás an Tineadóra Ceannais

An 29 Bealtaine 1962, bhí an LÉ Clíona ag glacadh páirte i gcleachtadh beo-lámhaigh ó dheas de Rinn an Róistigh nuair a rinneadh damáiste di tar éis do lánán doimhneachta a thit ó lámh duine le linn an chleachtaidh pléascadh.  Chuaigh ola a bhí ag sileadh léi trí thine, rud a d'fhág go raibh tine mhór ar an árthach.  De bharr ghníomhartha cróga na ndaoine a bhfuil ómós á thabhairt dóibh inniu, múchadh an tine sa deireadh thiar agus níor cailleadh aon duine.

Sular bhronn an tAire Kehoe na scrollaí ar iarbhaill na Seirbhíse Cabhlaigh, mhol se iad, á rá  “…thug gach duine den cheathrar fear seo aghaidh gan faitíos ar dheacracht, ar dhainséar agus ar phian agus d'éirigh leo an tine a scaip ar bord an LÉ Clíona a mhúchadh. Chinntigh luaithe agus neamhleithleasacht an cheathrar fear seo nár tharla aon tragóid agus nár cailleadh oiread is duine."

Thug an tAire Kehoe ómós freisin don "iarracht thar na bearta a rinne complacht na loinge.  Chinntigh siad gur tháinig an long i dtír slán sábháilte a luaithe agus a smachtaíodh an tine.  Fiú le himeacht na haimsire, níl dearmad déanta ar a ngaisce. Tá ríméad orm go mbeidh sé de dheis agam leac a nochtadh mar chomhartha aitheantais ar an obair éachtach a rinne siad, rud a dhéanfar sa Bhunáit Chabhlaigh in Inis Sionnach, ag deireadh na míosa seo."