Foilsithe ar 

An Taoiseach ag caint le Príomhaire nua na RA, Theresa May

Labhair an Taoiseach agus Príomhaire nua na Breataine ar an bhfón tráthnóna.

Thréaslaigh an Taoiseach a post leis an bPríomhaire agus ghuí gach rath uirthi thar ceann mhuintir agus Rialtas na hÉireann.

Labhair siad faoin gcaidreamh láidir atá idir Éire agus an RA, atá níos dlúithe anois ná bhí riamh.

Shocraigh siad an comhoibriú atá ar bun idir Rialtas na hÉireann agus Rialtas na Breataine le blianta beaga anuas a neartú, ina measc an tacaíocht do phróiseas na síochána agus Comhaontú Aoine an Chéasta agus réimsí comhoibrithe a chur chun cinn faoi Chomhráiteas na hÉireann-RA.

Phlé siad na dúshláin thábhachtacha a bheidh le sárú san am atá le teacht, ina measc na cinn a bheidh le sárú ó vótáil muintir na RA imeacht as an AE.

Maidir leis gcomhrá, dúirt an Taoiseach:

"Rinne mé comhghairdeas leis an bPríomhaire agus ghuí mé gach rath uirthi tráthnóna. 

Phléamar réimse ceisteanna, chun leasa an dá thíre, ina measc an tábhacht atá le leanúint ag obair le chéile chun an caidreamh den scoth atá anois idir Éire agus an Bhreatain a neartú, lena n-áirítear go leanfadh an dá thír againn ag tacú leis an bpróiseas síochána agus le comhoibriú idir an dá thír a fhorbairt.

Phléamar freisin na dúshláin thábhachtacha a thiocfaidh chun cinn ó vótáil an RA imeacht as an Aontas Eorpach.

Leag mé amach na nithe is mó a bhí ag déanamh imní d'Éirinn agus roinn léi mo thuairimí ar na dúshláin a bheidh le sárú sna hidirbheartaíochtaí.

Shocraíomar go mbeimis i dteagmháil lena chéile agus go mbuailfimis le chéile sna seachtainí atá ag teacht. ”