Foilsithe ar 

An Chéad Scéim Tacaíochta Fostaíochta (ESS) d'Óglaigh na hÉireann tugtha chun críche

Teastais bronnta ag an Aire Stáit sa Roinn Coimirce Sóisialaí, an tUasal Finian McGrath, T.D. inniu (Dé hAoine an 26 Lúnasa) ar na 25 cuardaitheoir poist óga a ghlac páirt i Scéim Tacaíochta Fostaíochta phíolótach. Is comhthionscnamh nuálach idir an Roinn Cosanta, Óglaigh na hÉireann, an Roinn Coimirce Sóisialaí agus Airmheán Traenála Bhaile Dúill de chuid Bhord Oideachais agus Oiliúna Bhaile Átha Cliath agus Dhún Laoghaire (DDLETB) í an Scéim. As tiomantas ón Rialtas a tugadh sa Pháipéar Bán ar Chosaint a d'eascair an comhthionscnamh.

Tá an scéim dheonach dírithe ar dhaoine idir 18-24 bliain d'aois atá ar an mBeochlár agus a mbíonn bacainní fostaíochta rompu. Cuimsíonn an ESS clár oiliúna 10 seachtaine, ina mbeidh 5 seachtaine d'oiliúint mhíleata le Óglaigh na hÉireann (DF) fite fuaite le 5 seachtaine d'oiliúint oideachais. 

Tá sé mar aidhm ag an Scéim feasacht agus scileanna a sholáthar do rannpháirtithe a chabhróidh leo a bheith rannpháirteach go hiomlán sa tsochaí, agus cur ar a gcumas fostaíocht, taithí oibre nó deiseanna breisoideachais a fheabhsú.  Gné lárnach ar fud an Chláir is ea féin-mhuinín agus treallús pearsanta na rannpháirtithe a fheabhsú trína gcumas oiliúna agus fisiceach a neartú.

Bronnadh teastais ar 25 rannpháirtí ó Bhaile Átha Cliath Thuaidh agus Contae Lú theas ag searmanas an lae inniu.  Ina aitheasc do na rannpháirtithe rathúla dúir an tAire, “Is mian liom comhghairdeas ó chroí a dhéanamh libh ar fad as an tiomantas atá déanta agaibh.  Tá sibh i ndiaidh turas iontach foghlama agus féinfhollasaithe a dhéanamh.  Is féidir le gach duine agaibh, chomh maith le bhur dteaghlaigh agus bhur gcairde, a bheith bródúil as an méid atá bainte amach agaibh ó thaobh na foghlama, oiliúna agus aclaíochta de."
                       
Agus é ag tabhairt aitheantais do ról Óglaigh na hÉireann, dúirt an tAire a bhfuil freagracht air maidir le Cosaint, an tUas Paul Kehoe, T.D., “Tá sprioc uaillmhianach leagtha amach ag an Rialtas 200,000 post a chruthú faoi 2020 chun saol na ndaoine a chur ar an mbóthar ceart i ndiaidh an damáiste a rinne tobhchliseadh an gheilleagair. Teastaíonn tiomantas an Rialtais go léir chun na spriocanna sin a bhaint amach agus tá an-áthas orm go bhfuil ról chomh dearfach sin ag Óglaigh na hÉireann ann."
Agus é ag guí gach rath ar na rannpháirtithe sa todhchaí dúirt an tAire Kehoe “Tá sé léirithe ag Óglaigh na hÉireann go gcruthaíonn siad sárcheannairí agus cinnteoirí.  Tá tairbhe na taithí sin á sholáthar ag an ESS; agus mar aon leis an gcomhpháirt oideachais, seasfaidh na rannpháirtithe amach ó chuardaitheoirí poist eile.
CRÍOCH

Nóta d’Eagarthóirí
As tiomantas a tugadh sa Pháipéar Bán ar Chosaint a foilsíodh anuraidh a d'eascair an Scéim Tacaíochta Fostaíochta nua.

Is é cuspóir na Scéime deis a thabhairt do rannpháirtithe dífhostaithe, idir 18 agus 24 bliain, atá faoi mhíbhuntáiste ar leith i dtaobh a bheith in ann a gcuid folláine agus inniúlachta féin a fhorbairt d'fhonn a n-ionchas gairme a chur chun cinn, neamhspleáchas eacnamaíochta a bhaint amach.  Chabhraigh Postionad Bhaile Munna leis an Tionscnamh trí bheith ag obair le rannpháirtithe ar ghnéithe forbartha pearsanta an Chláir.

Cuireadh tús leis an scéim phíolótach ina raibh 25 rannpháirtí i Meitheamh na bliana seo agus mhair sí 10 seachtaine. 

Tá measúnú á dhéanamh ar an gclár píolótach chun an poitéinseal  ó thaobh cur leis an gclár a bhreithniú le súil is an Scéim a rolladh amach in 2017.