Foilsithe ar 

€700,000 de mhaoiniú á fhógairt ag an Aire Humphreys d’ealaíona Éireannacha ar fud an domhain

D’fhógair an tAire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, Heather Humphreys TD, cistiú de bheagnach €700,000 inniu (Dé hAoine) ó Chultúr Éireann do 122 ealaíontóir agus eagraíocht ealaíon Éireannacha lena gcuid oibre a chur i láthair ar fud an domhain. Leis na tionscadail, a chlúdaíonn sorcas, damhsa, scannánaíocht, litríocht, ceol, amharclannaíocht agus na hamharcealaíona, cuirfear ar chumas ealaíontóirí Éireannacha a gcuid saothar a chur ar taispeáint i 35 thír éagsúla agus cur le cáil mhór dhomhanda na hÉireann as an gcruthaitheacht.

Áirítear ar na buaicphointí fócas ar amharclannaíocht Éireannach i gCeanada go luath in 2017; taispeántas SO Fine Art Editions i nGailearaí Chinretsukan, Tokyo University of the Arts, Tóiceo; agus léiriú de chuid Mouth on Fire de Waiting for Godot le Samuel Beckett i dTóiceo agus Kyoto mar chuid de chlár d’imeachtaí cultúrtha le 60 bliain de chaidrimh thaidhleoireachta idir Éirinn agus an tSeapáin a cheiliúradh.

Ag labhairt di inniu, dúirt an tAire Humphreys:
"Leis an tacaíocht seo atá á cur ar fáil trí mo Roinn ag Cultúr Éireann beidh lucht féachana níos mó in ann blaiseadh a fháil d’ealaíontóirí na hÉireann, a bhfuil de chumas acu buanna samhlaíochta agus cruthaitheachta na hÉireann a chur in iúl go soiléir ar fud an domhain. Is trí obair ár n-ealaíontóirí a chuireann go leor daoine aithne ar Éirinn agus ar ár n-acmhainn chruthaitheach, agus a spreagtar iad le tuilleadh aithne a chur ar ár dtír.

“Trína gcuid oibre a chur i láthair thar lear tugtar deis d’ealaíontóirí na hÉireann rochtain a fháil ar lucht féachana níos fairsinge agus caidrimh nua a fhorbairt le hionaid agus eagraíochtaí ar fud an domhain. Mar thionscnóir idirnáisiúnta ealaíona na hÉireann, tá ról thar a bheith luachmhar ag Cultúr Éireann ó thaobh ardáin a chur ar fáil le saothar Éireannach den scoth a chur i láthair lucht féachana idirnáisiúnta.”

Áirítear ar bhuaicphointí eile den bhabhta cistiúcháin seo léiriú dátheangach Moonfish Theatre na Gaillimhe de “Star of the Sea”, a bheidh ag dul ar camchuairt sna Stáit Aontaithe, ag tabhairt cuairte ar New Hampshire, Connecticut, Massachusetts agus Kansas i Meán Fómhair 2017. Táthar ag tacú le dhá bhanna ceoil déag traidisiúnta Éireannacha chun dul ar camchuairt ar fud féiltí móra na Stát Aontaithe le linn an tsamhraidh, a mbíonn tuairim is 100,000 duine i láthair ag cuid díobh. Cuirfidh compántais damhsa comhaimseartha a gcuid oibre i láthair ar fud na hEorpa agus beidh Swan Lake / Loch na nEala le Teac Damsa, a bhí mar bhuaicphointe d’Fhéile Amharclannaíochta Bhaile Átha Cliath in 2016, ar camchuairt sa Ríocht Aontaithe, sa Rúis agus san Astráil ó Bhealtaine - Nollaig 2017.

Tá tacaíocht á tabhairt do ghailearaithe ealaíne chun saothair ealaíontóirí Éireannacha a chur ar taispeáint ag aonaigh mhóra ealaíne, lena n-áirítear Art Basel, san Eilvéis. Beidh Macnas ag cur paráid mhórthaibhseach ar scála mór ar siúl sa Ríocht Aontaithe um oíche ar an 11 Samhain 2017, ag a bhfuiltear ag súil le lucht feáchana de 50,000 duine mar chuid de thréimhse Hull mar Chathair Chultúir, agus déanfar naisc thábhachtacha a fhorbairt do Ghaillimh, a bhfuil Cathair Chultúir na hEorpa 2020 bronnta uirthi.

Nótaí do na hEagarthóirí:
Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoin tionscadal ag:
http://applications.cultureireland.ie/index.php?r=reports/outcomeGrant&year=2017&program_id=1