Foilsithe ar 

€34,024 ceadaithe do Chomharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne ag an Aire Stáit Kyne

Tá fógartha ag Seán Kyne T.D., an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, go bhfuil deontas €34,024 ceadaithe aige do Chomharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne, Co Chiarraí chun oibreacha riachtanacha a chur i gcrích i Halla na Muirí.

Ag fógairt an deontais dó, dúirt an tAire Stáit go raibháthas air “bheith in ann an cabhair seo a chur ar fáil do Chomharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne ionas go mbeidh áiseanna sábháilte den scoth ar fáil do na scoláirí a bhíonn ag freastal ar a gcuid cúrsaí. Níl aon amhras ach go gcuireann na cúrsaí a eagraíonn siad go mór le heacnamaíocht an cheantair chomh maith le neartú na Gaeilge”,

Is faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 atá an t-airgead seo á cheadú.