Foilsithe ar 

Tús curtha ag an Aire Mhic Unfraidh leis an tSeachtain Oidhreachta Náisiúnta

Dúirt Heather Humphreys, T.D., an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta inniu (Dé Sathairn, an 23 Lúnasa) go raibh lúcháir uirthi ócáid tosaigh na Seachtaine Oidhreachta Náisiúnta a sheoladh i gCearnóg Mhuirfean.

Beidh an tSeachtain Oidhreachta Náisiúnta, a bhfuil sé mar aidhm léi feasacht a chur chun cinn ar ár n-oidhreacht thógtha, nádúrtha agus chultúrtha sa dóigh is go bhféadfaidh muid a caomhnú a spreagadh, ar siúl ón Satharn, an 23 Lúnasa go dtí Dé Domhnaigh, an 31 Lúnasa 2014. Chun Ceiliúradh Fiche Bliain na Náisiún Aontaithe ar Bhliain Idirnáisiúnta an Teaghlaigh a chomóradh, is é téama na bliana seo ‘Teaghlaigh – na glúnta ag foghlaim faoin oidhreacht le chéile’.

Agus í ag labhairt ag an seoladh inniu, dúirt an tAire Mhic Unfraidh : "Tá lúcháir orm bheith in ann tús a chur leis an tSeachtain Oidhreachta Náisiúnta anseo i gCearnóg Mhuirfean, áit a bhfuil raon iontach de thaispeántais agus léirithe le feiceáil. Beidh níos mó ná 1,700 imeacht ar siúl ar fud na tíre mar chuid den tSeachtain Oidhreachta Náisiúnta i mbliana, agus léiríonn sin an tábhacht atá leis an oidhreacht i measc na bpobail áitiúla agus an méid suime a chuireann daoine inti.

"Cuireann sé ola ar an gcroí an tsuim atá á léiriú ag gach duine, idir óg is aosta, anseo ag ócáid teaghlaigh an lae inniu. Tá téama teaghlaigh na bliana seo an-oiriúnach mar, ag deireadh an lae, is iad teaghlaigh, agus iad ag déanamh a gcion don bpobal áitiúil, a chaomhnaíonn ár n-oidhreacht agus a thabharfaidh ár dtraidisiúin agus ár n-eolas don chéad ghlúin eile."

"Ba mhaith liom an obair atá déanta ag pobail sna cathracha, sna bailte agus sna sráidbhailte a mholadh, óir is dá bharr sin a éireoidh go maith leis an tSeachtain Oidhreachta Náisiúnta arís i mbliana. Mholfainn do gach duine cuairt a thabhairt ar cheann den iliomad ócáidí a bheidh ar siúl i do cheantar áitiúil an tseachtain seo."

Tá imeachtaí do chách ar siúl ag an ócáid tosaigh i gCearnóg Mhuirfean le taispeántais, léirithe scileanna traidisiúnta, athirisí Lochlannacha agus fiú preabdholmain. Tá seandálaithe ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ar fáil freisin le hobair Sheirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta a phlé.

CRÍOCH

Nóta do na hEagarthóirí:

Déanann an Chomhairle Oidhreachta an tSeachtain Oidhreachta a chomhordú i gcomhpháirtíocht leis an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, údaráis áitiúla, Oifig na nOibreacha Poiblí, músaeim, gailearaithe, leabharlanna agus grúpaí deonacha ar fud na tíre.

Is féidir liosta na n-ócáidí a fheiceáil ag www.heritageweek.ie agus tá cuid mhór de na hócáidí saor in aisce.

Seo a leanas sampla de na taispeántais agus léirithe atá ar siúl i gCearnóg Mhuirfean inniu:

Big Dig Scoil Seandálaíochta na hÉireann, ina dtugtar deis do pháistí macasamhail de dhúshraith tí Lochlannaigh a thochailt in éineacht le fíor-seandálaithe.

Cumann na Staire Beo Bhaile Átha Cliath, ina bhfeicfidh tú taispeántais chomraic ó ré na Lochlannach agus ina mbeidh deis agat labhairt le saineolaithe na staire beo.

Puball na saineolaithe seandálaíochta, ina bhféadfaidh tú bualadh le saineolaithe an chomhshaoil agus foghlaim faoi chnámha an duine, ciaróga ársa, pailin, déantáin adhmaid agus go leor leor eile.

Tá an t-ealaíontóir Jim Ricks ag tabhairt a phreabdholmain leis, atá bunaithe ar chruth dholmain Pholl na Brón agus a mbeidh suim ag páistí de gach aois ann.

Geoifisic fuaime na talún, ina bhféadfaidh tú foghlaim faoin dtaisce seandálaíochta atá faoi do chois le James Fonsall agus a rige geoifisice.

Tá Anthonio Akkermaans ag taispeáint teicneolaíocht ársa smiota breochloiche.