Foilsithe ar 

Fáiltíonn an tAire Stáit Mac Fhionnlaoich roimh chinneadh an Rialtais

Tá fáilte curtha ag an Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D., roimh an gcinneadh a thóg an Rialtas inniu (7/2/12) Bille Gaeltachta 2012 a dhréachtú mar thosaíocht. Tá dhá phríomhaidhm leis an mBille seo, eadhon, sainmhíniú nua a leagan síos don Ghaeltacht agus leasuithe a dhéanamh ar ról agus ar fheidhmeanna Údarás na Gaeltachta.

 

"Tá an-áthas orm faoin chinneadh atá tógtha ag an Rialtas inniu mar go gciallaíonn sé gur féidir linn tús áite a thabhairt do dhréachtú an Bhille Gaeltachta," a dúirt an tAire Stáit Mac Fhionnlaoich. "Is reachtaíocht thábhachtach í seo a chuirfidh ar chumas mo Roinne na céimeanna cuí a thógáil chun tús a chur leis an bpróiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht agus a thabharfaidh feidhm reachtúil d'Údarás na Gaeltachta maidir le forfheidhmiú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge sa Ghaeltacht."

 

Tá sé i gceist faoin reachtaíocht go mbeidh an Ghaeltacht bunaithe feasta ar chritéir theangeolaíocha seachas ar limistéir thíreolaíocha mar a bhí go dtí seo. Beidh an phleanáil teanga ag leibhéal an phobail lárnach do phróiseas an tsainmhínithe nua don Ghaeltacht. Beidh deis ag ceantair lasmuigh de na ceantair thraidisíúnta Ghaeltachta aitheantas Gaeltachta a bhaint amach faoi réir critéir áirithe a bheith comhlíonta acu.

 

Chomh maith le leasuithe a dhéanamh ar fheidhmeanna áirithe de chuid Údarás na Gaeltachta, déanfar foráil faoin mBille chun feidhm reachtúil a thabhairt don Údarás maidir le cur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge sa Ghaeltacht, chun líon comhaltaí bord an Údaráis a laghdú go suntasach agus chun deireadh a chur leis an riachtanas do thoghcháin do bhord an Údaráis.