Foilsithe ar 

Fáilte curtha ag an Aire Deenihan roimh chinneadh an Taoisigh bheith mar phríomhionadaí an Stáit ag Cuimhneachán Náisiúnta an Ghorta Mhóir i nDroichead Átha

D’fhógair Jimmy Deenihan, T.D., Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus Cathaoirleach Choiste Cuimhneacháin Náisiúnta an Ghorta Mhóir, inniu (23 Eanáir 2012), go raibh an Taoiseach, an tUasal Éanna Ó Cionnaith T.D., tar éis glacadh le cuireadh bheith ina cheann feadhna ar an ionadaíocht oifigiúil ag Cuimhneachán Náisiúnta an Ghorta Mhóir i mbliana.

 

Beidh Cuimhneachán Náisiúnta an Ghorta Mhóir ar siúl Dé Domhnaigh, an 13 Bealtaine 2012, i nDroichead Átha, Co. Lú.

 

"Ba é an Gorta Mór ceann de na himeachtaí ba shuntasaí i stair na hÉireann agus d'athraigh cúrsaí an tsaoil sa tír seo go huile is go hiomlán dá bharr. Is cuí gurb é An Taoiseach, Éanna Ó Cionnaith T.D., a bheidh ina cheann feadhna ar chuimhneachán na bliana seo. Reáchtáladh ócáidí cuimhneacháin i mBaile Átha Cliath, sa Sciobairín, i Muraisc agus i gCluain Eois roimhe seo. Mar chuid den chlár cuimhneacháin, eagrófar clár ócáidí ina mbeidh pobail áitiúla Chontae Lú páirteach, agus cuirfear críoch leis an gclár le hócáid searmanais fhoirmiúil an Stáit, lena n-áireofar onóracha míleata agus searmanais fleascleagain".

 

Lean an tAire lena chuid cainte, "Le linn an Ghorta Mhóir is iomaí Éireannach bocht i gContae Lú a fuair bás mar gheall ar ocras agus galar, nó a chuaigh ar imirce. Tuigim go bhfuil pobal Dhroichead Átha ag obair go crua cheana féin ar chlár ócáidí cuimhneacháin don tréimhse roimh an ócáid náisiúnta ar an 13 Bealtaine 2012. Tá a fhios agam go gcuirfidh muintir Dhroichead Átha fearadh na fáilte roimh rannpháirteachas an Taoisigh i gcuimhneachán na bliana seo, agus go dtabharfar ómós cuí do na daoine úd a d'éag le linn an Ghorta Mhóir."