Foilsithe ar 

An togra Aran LIFE seolta ag an Aire Stáit Mac Fhionnlaoich

Seolfaidh an tAire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich, T.D., an togra Aran LIFE go hoifigiúil inniu in Áras Éanna, Inis Oírr, Oileáin Árann.

Is é príomchuspóir an togra, ar fiú €2.6m é, ná dea-chleachtas bainistíochta mar a bhaineann sé le cúrsaí caomhantais i measc feirmeoirí na n-oileán a fhorbairt tuilleadh agus a léiriú. Bainfear leas as eolas agus taithí feirmeoireachta áitiúil chomh maith le saineolas eolaíoch chun roinnt de na dúshláin a bhaineann le feirmeoireacht ar oileán a shárú. Meastar go mbeidh thart ar 70 feirm ar fud na dtrí n-oileán páirteach sa togra a mhairfidh ceithre bliana.

Dúirt an tAire Stáit:

Is údar sásaimh é go bhfuil a leithéid de thogra ag dul ar aghaidh ar na hOileáin Árann. Le cur i bhfeidhm an togra seo, glacfar céimeanna móra chun cinn i gcomhar le pobal feirmeoireachta na n-oileán ar mhaithe le traidisiúin feirmeoireachta agus bithéagsúlacht faoi leith na n-oileán a chaomhnú agus a chothú.

Tá triúr faoi leith ag obair go lánaimseartha ar an togra ó thús na bliana agus iad lonnaithe ar na hOileáin Árann. Tá tuilleadh eolais faoin togra, atá maoinithe go príomha ag an Aontas Eorpach ar fáil ar shuíomh idirlín na Roinne: http://www.ahg.gov.ie/en/Islands/AranLIFE/