Foilsithe ar 

Tús á chur ag an Aire Humphreys le misean cultúir ceithre lá go Cannes, go dtí an Bhruiséil agus go Páras

Tá an tAire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, Heather Humphreys TD, ag cur tús inniu (Dé Sathairn) le misean cultúir ceithre lá, lena n-áireofar coinní i gCannes, sa Bhruiséil agus i bPáras.

Tráthnóna inniu labharfaidh an tAire ag imeacht líonraithe bliantúil Bhord Scannán na hÉireann, ag a mbeidh suas le 400 gairmí ó thionscal scannán na hÉireann agus ón tionscal idirnáisiúnta, mar chuid de 70ú Féile Scannán bhliantúil Cannes. Beidh an tAire Humphreys ag reáchtáil sraith cruinnithe déthaobhacha le teagmhálaithe tábhachtacha polaitiúla agus tionscail i gCannes, lena n-áireofar Aire Cultúir na Beilge. Tá aird na hÉireann ag Féile na bliana seo dírithe ar The Killing of a Sacred Deer, ina bhfuil Colin Farrell agus a léirigh Element Pictures. Roghnaíodh é lena thaispeáint i gcomórtas oscailte.

Tráthnóna Dé Luain sa Bhruiséil, déanfaidh an tAire fáiltiú speisialta Éire Ildánach a óstáil agus ar an Máirt beidh sí ag freastal ar an gComhairle Oideachais, Óige, Cultúir agus Spóirt (EYCS), áit a mbeidh Airí Cultúir ag breithniú moltaí do threoir leasaithe maidir le seirbhísí meán closamhairc. Táthar ag dréim leis freisin go dtiocfaidh na hAirí ar chinneadh faoi chur chuige straitéiseach don AE i leith chaidrimh chultúrtha idirnáisiúnta. Casfaidh an tAire Humphreys leis an gCoimisinéir Eorpach um Oideachas, Cultúr, Óige agus Spóirt, Tibor Navracsics, ar imeall na Comhairle. Rachaidh an tAire ar aghaidh ansin go Páras le haghaidh imeacht de chuid Éire Ildánach ag an Centre Culturel Irlandais.

Ag labhairt di inniu, dúirt an tAire Humphreys:
Mar chuid de Chlár Éire Ildánach tá fócas tábhachtach ar earnáil na scannán, agus cuirtear de cheangal ar an Rialtas cabhrú le forbairt na hÉireann mar Lárionad Barr Feabhais do Léiriúchán Meán. Bhí roinnt blianta an-rathúla ag tionscal scannán na hÉireann agus tá lorg á fhágáil ag lucht déanta scannán na hÉireann ar an domhan go fóill.

“Is deis an-tábhachtach í Féile Scánnán Cannes do lucht déanta scannán na hÉireann chun líonrú, deiseanna a chruthú agus féidearthacht chomhléiriúcháin a fhiosrú. Beidh teachtaireacht an-láidir á cur in iúl agam maidir le tiomantas an Rialtais d’fhás ár n-earnáil scannán, teilifíse agus bheochana trí na bearta uaillmhianacha leagtha amach in Éire Ildánach.

“Tá mé ag súil freisin le bheith i dteagmháil le mo chontrapháirtithe ag an EYCS sa Bhruiséil, lena dtabharfar deis bhreise dúinn léargas a thabhairt ar an mbealach ina bhfuil sé mar aidhm ag Rialtas na hÉireann an cultúr agus an chruthaitheacht a chur ag croílár an pholasaí poiblí trí chlár Éire Ildánach.”