Foilsithe ar 

Tuarascáil eatramhach ar dhul chun cinn an Phlean Gníomhaíochta um Fhorbairt Tuaithe á foilsiú ag an Aire Humphreys

Spreagadh á thabhairt i bhfíseán nua do phobail chun páirt ghníomhach a ghlacadh sa Scéim Athnuachana Bailte agus Sráidbhailte

Rinne an tAire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, Heather Humphreys TD, Tuarascáil Eatramhach ar Dhul Chun Cinn a fhoilsiú inniu (Dé Céadaoin) maidir le Fíorú ár nAcmhainneacht Tuaithe, Plean Gníomhaíochta an Rialtais um Fhorbairt Tuaithe. Tá físeán seolta ag an Aire freisin le pobail ar fud na tíre a spreagadh chun páirt ghníomhach a ghlacadh i Scéim Athnuachana Bailte agus Sráidbhailte 2017, lena bhfuil €20 milliún á chur ar fáil do bhailte tuaithe beaga. Is féidir breathnú ar an bhfíseán anseo.


Tá níos mó ná 276 gníomh sa Phlean Gníomhaíochta atá le cur i bhfeidhm ar fud an Rialtais, ag gníomhaireachtaí Stáit agus comhlachtaí eile thar na trí bliana amach romhainn chun tacú le dul chun cinn eacnamaíoch agus sóisialta cheantar tuaithe na hÉireann. Tá gach gníomh sannta d’fhoras treorach a bheidh freagrach as an ngníomh a chur i gcrích laistigh de thréimhse ama socraithe.

Déanfar tuarascálacha foirmiúla ar dhul chun cinn an Phlean Gníomhaíochta a fhoilsiú gach 6 mhí, agus tá an chéad tuarascáil le foilsiú i mí Iúil. Sula ndéanfar an chéad tuarascáil fhoirmiúil a fhoilsiú, tá an Tuarascáil Eatramhach ar Dhul Chun Cinn á cur ar fáil ina bhfuil cur síos ar an méid atá bainte amach go dtí seo faoin bPlean agus aibhsítear ann roinnt de na forbairtí dearfacha a rinneadh chun tacú le ceantar tuaithe na hÉireann.

I measc an méid a cuireadh i gcrích ar fud Ranna Rialtais ó seoladh an Phlean tá:
Sheol an tAire Humphreys Scéim Athnuachana Bailte agus Sráidbhailte 2017 lena gcuirfear €20 milliún de chistiú ar fáil thar 15 mhí chun tacú le suas le 300 baile agus sráidbhaile
Sheol an tAire Mitchell O’Connor Creat d’Athnuachan Lárionaid Bhailte, chun cabhrú le hathbheochan bhailte tuaithe
CLÁ‏R 2017, a sheol an tAire Stáit Michael Ring, le cistiú de €5 mhilliún chun tacú le pobail tuaithe faoi mhíbhuntáiste
D’fhógair an Taoiseach agus an tAire Ring go raibh Tascfhórsa nua Chonair Eacnamaíochta an Atlantaigh á bhunú d’fhonn forbairt eacnamaíoch a spreagadh ar Bhord Farraige an Iartharach
D’fhógair an tAire Varadkar 500 áit bhreise ar an Scéim Shóisialta Tuaithe i mí Eanáir 2017 agus tá siad á soláthar ar fud na tíre
Osclaíodh Bealach Glas nua 46km ar fad ó Phort Láirge go Dún Garbhán i mí an Mhárta, ar Mhór-Iarnród an Deiscirt agus an Iarthair, mar a bhí
D’fhoilsigh an tAire Naughten léarscáil Limistéar Idirghabhála an Phlean Náisiúnta Leathanbhanda ar an 4 Aibreán agus d’fhógair sé go gcuirfidh eir leathanbhanda ardluais ar fáil do 300,000 áitreabh breise ar bhonn tráchtála faoi dheireadh 2018, rud a chuirfidh luas faoin bhfeidhmiú céimneach do go leor áitreabh tuaithe
Tá ionaid nuálaíochta i bhfeidhm anois i nGaeltacht Dhún na nGall agus Chiarraí chun tacú le fiontraíocht agus comhlachtaí nuathionscanta

Ag labhairt di inniu, dúirt an tAire Humphreys:
“Tá obair faoi lán seoil ar fud raon leathan ranna Rialtais agus gníomhaireachtaí leis na bearta atá sa Phlean Gníomhaíochta um Fhorbairt Tuaithe a chur i ngníomh, rud a dhéanfaidh difir mór do dhaoine atá ina gcónaí agus ag obair faoin tuath in Éirinn. Leis an tuarascáil eatramhach seo tugtar léargas ar an méid atá bainte amach go dtí seo, agus beagáinín níos mó ná trí mhí curtha dínn de chur i bhfeidhm an Phlean Gníomhaíochta.

“Is príomhghné de phróiseas an Phlean Gníomhaíochta é go ndéanfar dian-mhonatóireacht ar na gníomhartha, lena chinntiú go gcuirfear i gcrích in am iad, ar mhaithe le pobail na tuaithe. Trí mo Roinn féin, tá sraith tionscnamh fógartha agam, ar nós na Scéime feabhsaithe Athnuachana Bailte agus Sráidbhailte, ar fiú €20 milliún í agus a imreoidh tionchar dearfach inláimhsithe ar phobail tuaithe sna míonna atá amach romhainn. Tá físeán á sheoladh againn inniu freisin chun spreagadh a thabhairt do phobail teagmháil ghníomhach a dhéanamh lena nÚdaráis Áitiúla agus a gcuid smaointe a chur in iúl dá mbaile nó sráidbhaile féin.

“Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le mo chomhghleacaithe sa Rialtas a bhfuil sé léirithe acu go bhfuil siad sásta páirt iomlán a ghlacadh sa Phlean Gníomhaíochta um Fhorbairt Tuaithe. Ní faoi aon roinn rialtais amháin ná aon aire amháin atá sé athnuachan a bhaint amach; ní chuirfear fíor-fheabhsúcháin fhadtéarmacha i gcrích do phobail tuaithe ach amháin trí chur chuige uile-rialtais.”