Foilsithe ar 

TechSpace as Gaeilge Sárthaispeántas Chúige Chonnacht Coláiste na Coiribe, Cnoc na Cathrach

Is comhfhiontar idir an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta agus Camara Ireland Ltd. é Techspace as Gaeilge atá á mhaoiniú faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030.  Is gréasán náisiúnta de spásanna meáin dhigiteacha é TechSpace atá lonnaithe in ionaid óige agus scoileanna.  Cabhraíonn an gréasán le daoine óga ábhar digiteach agus teicneolaíochta a chruthú agus iad i mbun gníomhaíochtaí ar nós scannáin dhigiteacha, dearadh gréasáin, forbairt aipeanna soghluaiste agus róbataic, i measc nithe eile.

Bhunaigh an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta an scéim seo in 2015 agus tá sí curtha i bhfeidhm i gCúige Chonnacht faoi láthair agus beartaithe é a rolladh amach go náisiúnta taobh istigh de thréimhse dhá bhliain. 

Chun ceiliúradh a dhéanamh ar TechSpace as Gaeilge i gCúige Chonnacht beidh os cionn 145 duine ó scoileanna/ionaid óige ar fud an Chúige ag teacht le chéile ag Sárthaispeántas i gColáiste na Coiribe, Cnoc na Cathrach ar an Déardaoin 11 Bealtaine 2017 idir an 10r.n agus 2.30i.n.

Beidh 25 grúpaí ag glacadh páirte sa sárthaispeántas le scannáin atá cruthaithe acu ina gcuid scoileanna/ionaid óige agus beifear ag bronnadh duaiseanna ar na scannáin is fearr mar thoradh ar an sár obair atá déanta ag na scoláire agus múinteoirí le bliain anuas.  Is é seo an chéad ócáid Réigiúnach de TechSpace as Gaeilge.  Ag eascairt as seo, beidh deis ag roinnt de na daoine óga freastal ar ócáid náisiúnta TechSpace a bheidh ar bun i bhfoirgneamh Google ar an 3ú Samhain 2017.  

Ag labhairt dó inniu, dúirt an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Seán Kyne T.D:

“Tá lúcháir orm go bhfuil ag éirigh chomh maith leis an scéim TechSpace as Gaeilge. Léiríonn an taispeántas seo díograis an aois óig agus an méid spéis atá san togra ard-chaighdeáin teicneolaíochta faisnéise seo trí mheán na Gaeilge.  Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghlacadh leis na scoláirí agus na múinteoirí as an sár-obair atá bainte amach acu as an nGaeilge a chur chun cinn sna meáin digiteacha.  Tá an-áthas orm faoin rath atá ar an scéim seo.”

Nóta do na heagarthóirí

Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge

Is faoi na Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge a chuirtear maoiniú ar fáil do Techspace as Gaeilge. Faoi na scéimeanna seo, cuireann an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta cúnamh airgeadais ar fáil do réimse eagraíochtaí agus gníomhaíochtaí a thacaíonn le cur chun cinn na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht. I measc na n-eagraíochtaí a fhaigheann maoiniú bliantúil, tá Taibhdhearc na Gaillimhe, Gaillimh le Gaeilge, Gnó Mhaigh Eo agus Gael Taca, Corcaigh.  Tá an obair ata ar siúl ag na heagraíochtaí seo ag teacht go dlúth le haidhmeanna na Straitéise 20 -Bliain don Ghaeilge 2010-2030.