Foilsithe ar 

Tairseach nua ar líne Éire Ildánach/Ireland.ie á sheoladh ag an Taoiseach mar chuid de mhisean Lá Fhéile Pádraig i Washington

Tá tairseach nua Ireland.ie seolta inniu (Dé Céadaoin) ag an Taoiseach, Enda Kenny T.D., mar chuid dá chuairt ar na Stáit Aontaithe do Lá Fhéile Pádraig. Is tionscnamh de chlár Éire Ildánach é an suíomh gréasáin nua, lena gcuirtear an cultúr agus an chruthaitheacht ag croílár ár bpolasaí poiblí.

Is ionann Ireland.ie agus tairseach le foghlaim faoi Éirinn agus faoi mhuintir na hÉireann sa bhaile agus thar lear. Insítear scéal iontach, mealltach faoi Éirinn, faoinár gcultúr saibhir iléagsúil agus ár gcruthaitheacht ar leith. Is lárionad é Ireland.ie lena ndéantar ár gclú ar fud an domhain a tharraingt le chéile agus lena mbaintear leas as an saibhreas eolais, cumais, nuálaíochta agus samhlaíochta atá againn le hÉire a chur chun cinn mar áit den scoth le cónaí ann, le cuairt a thabhairt air, staidéar a dhéanamh ann, agus infheistíocht a dhéanamh ann.

Ag labhairt dó ag ócáid speisialta ag a raibh daoine sinsearacha as earnáil ghnó Washington, dúirt an Taoiseach: “Inniu tá tairseach nua á sheoladh againn d’Éirinn, Ireland.ie - ag eascairt go díreach as clár Éire Ildánach, a d’fhógair muid ag deireadh na bliana seo caite. Le Ireland.ie tugtar tairseach dúinn le tuilleadh a fhoghlaim faoinár gcúlra, faoin méid a chreideann muid agus faoin méid a dhéanann muid.

Lenár gcultúr, a chuimsíonn scéalaíocht agus foghlaim, saothar ealaíonta, bród as ár n-oidhreacht agus fiosracht faoin domhan thart orainn nach sásaítear choíche, léirítear eisint mhuintir na hÉireann. Is lucht coimeádta agus déanta síochána muid. Creidimid sa chultúr mar bhonn ag folláine phearsanta agus chomhchoiteann. Is náisiún domhanda muid anois, ar an airdeall i gcónaí maidir leis na dúshláin atá romhainn go léir. Bunaithe ar an méid sin, is léir go bhfuil páirt ar leith le glacadh againn sa domhan.

Trí Chlár Éire Ildánach déanfaidh muid infheistiú i gcruthaitheacht agus samhlaíocht ár ndaoine agus iad a chothú, déanfaidh muid ár bpobail a neartú agus a chumhachtú agus cruthóidh muid spás ina bhféadfar smaointe agus nuálaíocht a fhás agus a bhláthú. Fógraítear go muiníneach le Ireland.ie gur áit den scoth í Éire le cónaí ann, le bheith ag obair ann, infheistíocht a dhéanamh ann, gnó a dhéanamh léi agus staidéar a dhéanamh. ann.”

Ag labhairt di inniu, dúirt an tAire Humphreys:
“Cé go ndírítear Éire Ildánach go príomha ar thuilleadh rannpháirtíochta cultúrtha a éascú sa bhaile, tá gné dhomhanda an chláir an-tábhachtach freisin. Tá seoladh an tairsigh nua ireland.ie ina chuid lárnach de Cholún 5: Clú na hÉireann ar fud an Domhain a Thabhairt le Chéile. Táimid in áit den scoth le cruthaitheacht uathúil iontach ár ndaoine agus ár bpobail a chur chun cinn agus a chur ar taispeáint, chomh maith leis na sainscileanna agus an díocas atá mar shaintréith ag muintir na hÉireann, sa bhaile agus thar lear.

Tá sé níos tábhachtaí anois ná mar a bhí riamh go dtapaíonn muid gach deis leis an teachtaireacht a threisiú gur áit í Éire atá lán féidearthachtaí, ina spreagtar smaointe agus samhlaíocht agus ina ndéantar iad a chumasú, agus ina mealltar comhlachtaí, gnóthais agus daoine spreagúla mar gheall ar an fháilte a chuirtear rompu inár bpobail ar fud oileán na hÉireann.

Tá sé thar a bheith cuí go bhfuil Ireland.ie á sheoladh ag an Taoiseach an tseachtain seo i Washington, tráth nuair atá airí Rialtais ag cur cultúr na hÉireann chun cinn ar fud an domhain. Mar gheall ar chultúr agus cruthaitheacht na hÉireann tá féiniúlacht faoi leith againn, agus féachann Éire Ildánach leis sin a chur chun cinn agus a spreagadh sa bhaile agus thar lear."

Tá Ireland.ie mar chuid de Cholún 5 de Chlár Éire Ildánach: Clú na hÉireann ar fud an Domhain a Thabhairt le Chéile, a fhéachann le tairiscint amháin a chur i láthair bunaithe ar chultúr agus cruthaitheacht na hÉireann. www.ireland.ie

Tá físeán speisialta dar teideal This Is Ireland déanta le gabháil le seoladh an tsuímh ghréasáin nua, le hábhar ó Lenny Abrahamson, Ruairí de Blacam, an Craobh-Údar d’Fhicsean Éireannach Anne Enright, Easkey Britton, Clare Langan, Aoibheann McNamara, Nuala Ní Dhomhnaill, Fearghus Ó Conchúir, Caoimhín Ó Raghallaigh, Niamh Scanlon, Eamonn Sinnott, Enda Walsh agus Bill Whelan.

https://youtu.be/Rk8VibKA4Ws