Foilsithe ar 

Fógraíonn an tAire Humphreys maoiniú de bheagnach €200k d’Údaráis Áitiúla d’Oíche Chultúir 2017

D’fhógair an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta maoiniú de bheagnach €200,000 inniu (Dé hAoine) d’Údaráis Áitiúla ar fud na tíre chun cuidiú leo imeachtaí a chur ar bun d’Oíche Chultúir 2017. Cé nach ndearna gach contae iarratas ar mhaoiniú in 2017, meastar go nglacfaidh gach contae ar fud oileán na hÉireann páirt san Oíche agus go mbeidh imeachtaí ar bun thar sáile arís i mbliana. Beidh an Oíche Chultúir ar bun ar an Aoine, 22 Meán Fómhair 2017.

Is é €350,000 an buiséad iomlán d’Oíche Chultúir 2017 agus is ionann sin is méadú 40% ar bhuiséad 2016, an infheistíocht is mó atá déanta ag an Roinn san ócáid go dtí seo.

Ag labhairt di inniu, dúirt an tAire Humphreys:
“Tá an Oíche Chultúir ar cheann de na hoícheanta is draíochtúla agus is mó rath san fhéilire, nuair a bhíonn ionaid oscailte saor in aisce don phobal agus nuair a bhíonn na sráideanna lán le taispeántais iontacha de chultúr agus de chruthaitheacht.

“Tagann an Oíche go maith le Clár Éire Ildánach a bhfuil sé mar aidhm leis rochtain agus rannpháirtíocht a mhéadú i ngníomhaíocht chultúrtha i ngach contae. Creidimse go láidir má tá uainn é seo a bhaint amach, caithfidh muid a chinntiú go dtacófar le himeachtaí áitiúla ar feadh an tráthnóna sin ar an Aoine, 22 Meán Fómhair. Tá an-áthas orm, mar sin, maoiniú de bheagnach €200,000 a chur ar fáil, atá dírithe go sonrach ar imeachtaí a éascú ar fud na tíre.

“Tugann an Oíche Chultúir deis dúinn ar fad blaiseadh a fháil den táirge éagsúil, uathúil, bríomhar cultúrtha seo atá againn.”

Nóta do na hEagarthóirí:
Féach ar an liosta iomlán thíos d’údaráis áitiúla a fuair maoiniú:

Cathair/Baile/Ceantar Maoiniú do 2017
1 Comhairle Contae Cheatharlach €6,000
2 Comhairle Contae an Chabháin €8,000
3 Comhairle Contae an Chláir €7,500
4 Comhairle Cathrach Chorcaí €10,000
5 Comhairle Contae Chorcaí €10,000
6 Contae Dhún na nGall/Leitir Ceanainn €7,500
7 Ealaín Na Gaeltachta Teoranta €7,000
8 Comhairle Cathrach na Gaillimhe €10,000
9 Comhairle Contae na Gaillimhe €10,000
10 Comhairle Contae Chiarraí €8,000
11 Comhairle Contae Chill Dara €10,000
12 Comhairle Contae Chill Chainnigh €6,000
13 Comhairle Contae Laoise €4,500
14 Comhairle Contae Liatroma €4,500
15 Comhairle Cathrach & Contae Luimnigh €15,000
16 Comhairle Contae an Longfoirt €3,000
17 Comhairle Contae Mhaigh Eo €6,500
18 Comhairle Contae Mhuineacháin €6,500
19 Comhairle Contae Uíbh Fhailí €6,000
20 Oireachtas na Gaeilge €7,500
21 Comhairle Contae Ros Comáin €3,000
22 Sligeach - The Model €5,000
23 Comhairle Contae Thiobraid Árann €6,000
24 Comhairle Cathrach & Contae Phort Láirge €5,000
25 Comhairle Contae na hIarmhí €5,000
26 Comhairle Contae Loch Garman €6,000
27 Comhairle Contae Chill Mhantáin €6,500
IOMLÁN €190,000