Foilsithe ar 

Fógraíonn an tAire Humphreys ceapachán Michael MacDonagh Uasal mar Phríomh-Sheandálaí i Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta

D’fhógair an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys T.D., inniu (Déardaoin) go bhfuil an tUasal Michael MacDonagh ceaptha mar Phríomh-Sheandálaí i Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta mar thoradh ar phróiseas iomaíoch earcaíochta.

Tagann an tUasal MacDonagh isteach i Seirbhís Séadchomharthaí Náisiúnta na Roinne ó Bhonneagar Iompair Éireann áit a raibh sé ina Sheandálaí Sinsearach, agus tar éis dó ceithre bliana a bheith caite aige ar iasacht leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála i gComhrúnaíocht na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas.

Ag labhairt di inniu, dúirt an tAire Humphreys:

“Tugann an tUasal MacDonagh saibhreas eolais agus taithí isteach sa ról tábhachtach seo. Chomh maith leis na obair atá déanta aige le Bonneagar Iompair Éireann agus le Comhrúnaíocht na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas, fágann an post a bhíodh aige mar Chathaoirleach ar Institiúid Seandálaithe na hÉireann go mbeidh sé breá ábalta tabhairt faoin ról dúshlánach, fiúntach seo.

“Tagann an tUasal MacDonagh i gcomharbacht ar an Dr Ann Lynch, atá ina Príomh-Sheandálaí Gníomhach ó 2015. Ba mhaith liom an deis seo a thapú chun aitheantas a thabhairt don méid ollmhór atá déanta aici i Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta le blianta anuas agus guím gach rath uirthi agus í ag dul ar scor ag deireadh na bliana.”


Nótaí do na hEagarthóirí:

Nótaí Beathaisnéise ar an Uasal Michael MacDonagh:

Is céimí de chuid an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, é an tUasal MacDonagh a chuaigh isteach i mBonneagar Iompair Éireann in 2001 (an tÚdarás um Bóithre Náisiúnta mar a bhí) tar éis seal a bheith caite aige i mbainistíocht seandálaíochta san earnáil tráchtála agus phoiblí ar fud na hÉireann, Thuaisceart Éireann agus Berlin-Brandenburg.

Bhí sé ina Chathaoirleacht ar Institiúid Seandálaithe na hÉireann, an foras gairmiúil a dhéanann ionadaíocht ar sheandálaithe atá i mbun oibre in Éirinn, ó 2015-2017.