Foilsithe ar 

Fógraíonn an tAire Humphreys Comhaltachtaí Músaem Fulbright - Éire Ildánach faoi Chlár Éire Ildánach

Tá fógartha ag an Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, Heather Humphreys, inniu (Dé Luain) go bhfuil maoiniú de $60,000 (thart ar €57,000) ceadaithe aici do bhunú comhaltachtaí taighde gearrthéarma do mhic léinn iarchéime na hÉireann ag trí cinn de na músaeim is mó le rá sna Stáit Aontaithe i gcomhar le Coimisiún Fulbright. Tá an maoiniú á chur ar fáil faoi Chlár Éire Ildánach.

Mar thoradh ar an bhforbairt iontach seo, ar chuir Ambasáid na Stát Aontaithe i mBaile Átha Cliath tús léi, cuirfear $120,000 san iomlán ar fáil chun dhá chomhaltacht déag a mhaoiniú thar thréimhse ceithre bliana ó 2018 go 2022. Is iad The Smithsonian Institution, The Harry Ransom Center in Austin, Texas agus The Exploratorium in San Francisco na músaeim rannpháirteacha. ‘Comhaltachtaí Músaem Fulbright-Éire Ildánach’ a bheidh ar na comhaltachtaí agus bronnfaidh an tAire agus Amasadóir na Stát Aontaithe na comhaltachtaí i gcomhar le Coimisiún Fulbright.

Ag labhairt di inniu, dúirt an tAire Humphreys:
“Tá an-áthas orm an deis iontach seo a fhógairt do mhic léinn iarchéime na hÉireann chun dul i mbun staidéir i dtrí cinn de na músaeim is mó le rá ar domhan - músaeim atá i mbarr réime i réimsí na heolaíochta, na healaíne agus na ndaonnachtaí.

“Tá an clár comhaltachtaí seo bunaithe ar an bprionsabal go bhfuil luach intreach leis an gcultúr, an chruthaitheacht, an fiosrú eolaíochta, na healaíona agus caomhnú na hoidhreachta do dhaoine aonair agus don tsochaí. Tá siad uile ina bpríomhghnéithe de Chlár cúig bliana Éire Ildánach an Rialtais a bhfuil sé mar aidhm leis an cultúr a chur i lár an aonaigh inár saol, ar mhaithe le muintir na tíre agus ar mhaithe lenár sochaí a threisiú.

“Tugann bunú ‘Chomhaltachtaí Músaem Fulbright-Éire Ildánach’ teachtaireacht thar a bheith tábhachtach go hidirnáisiúnta go bhfuil luach ag Éire ar a cultúr agus go bhfuil Rialtas na hÉireann ag leagan amach clár uaillmhianach cruthaitheachta. Gné lárnach de Chlár Éire Ildánach is ea clú na hÉireann a chomhaontú, gréasáin nua cruthaitheachta a spreagadh, foghlaim ó eiseamláirí idirnáisiúnta, agus breathnú ar conas a dtugann tíortha eile tosaíocht do na healaíona agus don chultúr agus tá ríméad orm go mbeidh deis ag mic léinn na hÉireann taithí phearsanta a fháil air sin.”