Foilsithe ar 

Fáilte curtha ag an Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, Joe McHugh TD, roimh fhoilsiú Thuarascáil Bhliantúil an Choimisinéara Teanga

Tá fáilte curtha ag an Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, Joe McHugh TD, roimh Thuarascáil Bhliantúil an Choimisinéara Teanga atá foilsithe ag an gCoimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, inniu.
Ag labhairt dó inniu, dúirt an tAire Stáit McHugh:
“Ba mhaith liom fáilte a chur roimh Thuarascáil Bhliantúil an Choimisinéara Teanga. Tá ról thar a bheith tábhachtach ag an Choimisinéir ag cinntiú go bhfuil comhlachtaí poiblí ag comhlíonadh a gcuid dualgas faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla agus go bhfuil cearta teanga phobal na tíre á gcosaint. Tuigim go bhfuair Oifig an Choimisinéara 768 gearán anuraidh. Cé go léiríonn sé seo cuid de na deacrachtaí a bhíonn ag an phobal agus iad ag cuardach seirbhísí trí Ghaeilge, is léiriú an-mhaith é fosta ar an muinín atá ag an phobal anois as Oifig an Choimisinéara.
“Is cúis áthais dom é go bhfuil beartaithe againn cheana féin dul i ngleic le cuid mhaith de na fadhbanna atá ardaithe ag an Choimisinéir ina Thuarascáil. Ghlac an Rialtas le Cinn Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017 le gairid agus tugadh cead an Bille a dhréachtú. Tuigim go bhfuil fáilte mhór curtha ag an Choimisinéir roimh Chinn an Bhille ó shin.
“I dtaca le hearcaíocht san earnáil phoiblí, chuir an Coimisinéir in iúl go raibh eagla air, chomh fada is a leanfar leis an phróiseas earcaíochta don tseirbhís phoiblí atá i bhfeidhm faoi láthair, go leanfar ar aghaidh ag laghdú cearta an tsaoránaigh an Ghaeilge a úsáid agus é ag plé leis an Stát. Is iontach mar sin go bhféachfar le Cinn an Bhille a cheadaigh an Rialtas go bhfuil sé mar sprioc 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí bheith ina gcainteoirí Gaeilge, agus go mbeidh achan oifig atá lonnaithe sa Ghaeltacht ag feidhmiú trí Ghaeilge.
“Taobh amuigh den Tuarascáil Bhliantúil, i mí Aibreáin na bliana seo d’fhoilsigh an Coimisinéir tráchtaireacht ar chóras na scéimeanna teanga, ina raibh aird tarraingthe aige ar go leor laigeachtaí sa chóras reatha. Déantar foráil sna Cinn Bille atá faofa ag an Rialtas le deireadh a chur le córas na scéimeanna teanga agus bogadh go córas caighdeán-bhunaithe, ina ndéantar comhlachtaí poiblí a chur i gcatagóirí bunaithe ar a leibhéal teagmhála leis an phobal i gcoitinne, lena n-áirítear pobail na Gaeilge agus na Gaeltachta. D’fháiltigh an Coimisinéir Teanga roimh an tionscnamh sin fosta.
“Mar sin, tá mé dóchasach go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh againn ar bhonn córasach. Tá go leor oibre amach romhainn agus tá mé iontach sásta go mbeidh deis agam féin tógáil ar an tsárobair atá déanta maidir leis an Bhille Teanga. Is i gcomhar lena chéile is fearr a éireoidh linn dul chun cinn a dhéanamh, agus tá súil agam oibriú leis an Choimisinéir Teanga agus páirtithe leasmhara eile chun an Bille a bhrú chun cinn.”