Foilsithe ar 

Deontas méadaithe ceadaithe ag an Aire Stáit Kyne don Chumann Scoildrámaíochta

D’fhógair Seán Kyne T.D., an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, inniu go bhfuil an deontas de €40,000 don Chumann Scoildrámaíochta méadaithe aige anois go €50,000 don bhliain seo.  Tá an deontas seo ceadaithe chun cuidiú leis an gcumann a gclár gníomhaíochtaí do 2017 a chur i gcrích.

Eagraíonn an Cumann Scoildrámaíochta féilte drámaíochta ar fud na tíre agus tugtar cuireadh do bhunscoileanna, do scoileanna iar-bhunoideachais agus do chlubanna óige ó gach aird den tír, thuaidh agus theas, páirt a ghlacadh iontu.

Ag fógairt an deontais dó, dúirt an tAire Stáit Kyne:“ Tá obair an chumainn ag luí isteach go dlúth le spriocanna na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge. Tugann obair an Chumainn Scoildrámaíochta léargas an-mhaith dúinn ar chomh tiomanta is atá na scoileanna do chur chun cinn na Gaeilge ar bhealach cruthaitheach, spraíúil agus ealaíonta agus tá áthas orm go raibh ar mo chumas an deontas seo a cheadú faoi Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge na Roinne.  Tá súil agam go mbeidh sé ina chuidiú mór dóibh an Ghaeilge a chur chun cinn i measc an óige trí mheán na drámaíochta.”

Nóta do na heagarthóirí:

Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge

Cuireann an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta cúnamh airgeadais ar fáil do réimse eagraíochtaí agus gníomhaíochtaí a thacaíonn le cur chun cinn na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht. I measc na n-eagraíochtaí a fhaigheann maoiniú bliantúil tá Taibhdhearc na Gaillimhe, Gaillimh le Gaeilge, Gnó Mhaigh Eo agus Gael Taca, Corcaigh.  Tá an obair atá ar siúl ag na heagraíochtaí seo ag teacht go dlúth le haidhmeanna na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge.