Foilsithe ar 

Dearbhaíonn an tAire Humphreys ainm na Roinne nua

Tá dearbhaithe ag an Aire Heather Humphreys inniu (Déardaoin) gurb é an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta ainm nua a Roinne. Tagann sé seo sna sála ar atheagar na Roinne, mar a d'fhógair an Taoiseach, Leo Varadkar, é.

Ag labhairt di inniu, dúirt an tAire Humphreys:
“Is téarma leathan, uileghabhálach é cultúr a úsáidtear go forleathan i Ranna Rialtais ar fud an chuid eile den Eoraip. Cuimsíonn sé ina n-iomláine earnálacha na n-ealaíon, an chultúir agus na cruthaitheachta. Chomh maith leis sin, tagann úsáid an fhocail ‘Cultúr’ i dteideal na Roinn le héiteas agus aidhmeanna chlár Éire Ildánach, a bhfuil sé mar aidhm leis an cultúr agus an chruthaitheacht a chur i gcroílár pholasaí an Rialtais.

“Léiríonn ‘Oidhreacht’ sa teideal freagracht na Roinne as ár n-oidhreacht nádúrtha agus thógtha, chomh maith le polasaí ailtireachta. Tá an focal ‘Gaeltacht’ sa teideal tábhachtach mar go gcuimsíonn sé freagracht as réigiúin na Gaeltachta, an Ghaeilge go ginearálta agus mórán den fhreagracht as ár n-oileáin amach ón gcósta.”

Réiteoidh an Roinn ordú anois chun ainm na Roinne agus teideal an Aire a athrú, faoin Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1939. Déanfar socruithe sna seachtainí atá amach romhainn chun suíomh gréasáin na Roinne, agus an t-ábhar a bhaineann leis, a thabhairt chun dáta.