Foilsithe ar 

Déanann an tAire Humphreys cathaoirleacht ar an gcéad chruinniú den Choiste Monatóireachta ar an bPlean Gníomhaíochta um Fhorbairt Tuaithe

Cinnteoidh cur chuige uile-Rialtais i leith tacú le pobail tuaithe agus meicníochtaí láidre monatóireachta go n-éireoidh leis an bPlean Gníomhaíochta

 

Rinne an tAire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, Heather Humphreys T.D., cathaoirleacht tráthnóna inniu (Déardaoin) ar an gcéad chruinniú den Choiste Monatóireachta ar an bPlean Gníomhaíochta um Fhorbairt Tuaithe.  I bhFíorú ár nAcmhainneacht Tuaithe, Plean Gníomhaíochta an Rialtais um Fhorbairt Tuaithe, a seoladh i mí Eanáir, tá níos mó ná 270 gníomh atá le cur i gcrích ar fud an Rialtais, gníomhaireachtaí Stáit agus forais eile chun tacú le dul chun cinn eacnamaíoch agus sóisialta na tuaithe in Éirinn.  Tá gach gníomh sannta ar cheannfhoras a bheidh freagrach as cur i bhfeidhm an ghnímh le linn amscála cinnte. 

 

Leis an gCoiste Monatóireachta tugtar le chéile príomhpháirtithe leasmhara tuaithe, Ranna agus Gníomhaireachtaí Rialtais, ionadaithe gnó agus pobail le monatóireacht a dhéanamh ar an dul chun cinn ar fud 270+ gníomh an Phlean.  Beidh an Coiste Monatóireachta freagrach freisin as bacainní i mbealach an chuir i bhfeidhm a shainaithint, réimsí dea-chleachtais a aimsiú a d’fhéadfaí a athchruthú ar fud na tuaithe in Éirinn agus meicníochtaí a fhorbairt le tionchar sóisialta agus eacnamaíochta an Phlean Gníomhaíochta ar phobail thuaithe a thomhas.

 

Ag labhairt di inniu dúirt an tAire Humphreys:

“Leis an bPlean Gníomhaíochta tá na tacaí agus na struchtúir á gcur ar fáil atá riachtanach leis an Rialtas a chumasú - ag leibhéal lárnach agus áitiúil araon - chomh maith le gnóthais agus pobail thuaithe, le hoibriú lena chéile chun forbairt inbhuanaithe tuaithe a bhaint amach.  Más mian linn go n-éireodh go maith leis an bPlean seo, áfach, ní mór dúinn cinnte a dhéanamh go bhfuil meicníochtaí láidre monatóireachta i bhfeidhm againn.  Tá sé i gceist agam oibriú go dlúth leis an gCoiste seo agus leas a bhaint as an saineolas agus dea-thoil atá ann lena chinntiú go gcuirfear ar chumas phobail thuaithe an leas is mó is féidir a bhaint as na deiseanna atá ar fáil. Níl sé i gceist agam gur beart anásta in aisce a bheadh sa phróiseas seo - is mian liom gur Coiste bríomhar nuálach a bheidh ann ó thaobh aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá ann”.

 

Bhí an méid seo le rá ag Pat Spillane, Ambasadóir an Phlean Gníomhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus ball den Choiste Monatóireachta:

“Is ionann an Coiste seo agus deis iontach dúinne go léir a bhfuil baint againn le ceisteanna tuaithe dul ag obair as lámha a chéile le tacaíocht a chur ar fáil do phobail thuaithe agus aghaidh a thabhairt ar na bacainní a d’fheadfadh bheith i mbealach na forbartha.  Tá sé feicthe agam féin i mo ról mar Ambasadóir na Tuaithe go bhfuil fíorthoilteanas ann féachaint ar rudaí ar bhealach nua i gceantair tuaithe na hÉireann agus ní mór dúinn tacú le pobail thuaithe agus iad a chumasú ina gcuid oibre.  Tá comhordú fíor-thábhachtach chun an méid sin a bhaint amach agus tá lúcháir orm an réimse leathan taithí agus saineolais seo a fheiceáil ar an gCoiste Monatóireachta.”