Foilsithe ar 

Ceadaíonn an tAire Stáit Ring maoiniú €1.21m do thionscnaimh Céadfhreagartha Éigeandála i gceantair CLÁR

Cheadaigh an tAire Stáit um Fhorbairt Eacnamaíoch Réigiúnach, Michael Ring T.D., inniu (De hAoine) €1.21 milliún do réimse eagraíochtaí ar fud na tíre faoin mbeart Céadfhreagartha Éigeandála faoin scéim CLÁR. Cuirfidh an maoiniú tacaíocht ar fáil d’eagraíochtaí a bhfuil baint acu ar bhonn deonach le gníomhú i gcásanna éigeandála i gceantair CLÁR.  Gheobhaidh réimse eagraíochtaí maoiniú - idir ghrúpaí beaga Céadfhreagartha Pobail agus fhoirne Tarrthála Sléibhe agus Fo-Uisce. 

Ag labhairt dó inniu, dúirt an tAire Ring:

“Ba chúis áthais faoi leith dom é an tionscnamh nua seo a fhógairt faoi scéim CLÁR i mbliana chun tacú lenár n-eagraíochtaí éigeandála, a chuireann seirbhís den scoth ar fáil i gceantair thuaithe, go minic i gcúinsí an-deacra. Treisíonn an leibhéal ard spéise ó iarratasóirí an creideamh atá amach i dtábhacht na tacaíochta a chuireann na chéad fhreagróirí ar fáil ar fud na tíre chun seirbhísí éigeandála an Stáit a chomhlánú. 

Mar gheall ar líon agus ar chaighdeán na n-iarratas a fuarthas, tá an-áthas orm a bheith in ann maoiniú de €1.21 milliún a chur ar fáil do na grúpaí seo inniu.  Seo an 60% níos mó ná an €750,000 a bhí curtha i leataobh i dtosach don bheart seo. Cuirfear maoiniú ar fáil do réimse leathan eagraíochtaí difriúla a chuireann tacaíocht ríthábhachtach agus tacaíocht tharrthála ar fáil i gceantair tuaithe agus tá mé cinnte go dtabharfaidh an maoiniú deis do na heagraíochtaí seo tuilleadh daoine a shábháil sna blianta atá amach romhainn.

Dúirt an tAire freisin...

“Cuirfidh na seirbhísí a dtacóidh an maoiniú seo leo misneach ar fáil do dhaoine a bhfuil cónaí orthu i gceantair tuaithe, agus do dhaoine a thugann cuairt ar cheantair tuaithe ar mhaithe le caitheamh aimsire, go mbeidh tacaíocht speisialaithe ar ardchaighdeán ar fáil dóibh dá dtarlódh sé go mbeidís i gcruachás. Bhí ardmheas i gcónaí agam ar na hoibrithe deonacha a chuireann a mbeatha féin i mbaol chun cabhrú le daoine eile agus tá súil agam go dtacóidh an maoiniú seo ar bhealach éigin ina gcuid iarrachtaí.”  

Tá CLÁR á mhaoiniú ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta agus is cuid é de Phlean Gníomhaíochta an Rialtais um Fhorbairt Tuaithe.

Tá an maoiniú atá fógartha ag an Aire Ring ar an gcéad chéim de leithdháileadh de €5 mhilliún atá ar fáil faoi CLÁR i mbliana.  Fógróidh an tAire tuilleadh leithdháiltí faoi bhearta eile de scéim CLÁR go luath.