Foilsithe ar
CLOIG LE CUR AR AGHAIDH DEIREADH SEACHTAINE AN 25/26 MÁRTA 2017
Ba mhaith leis an Tánaiste agus Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais, Proinséas Mhic Gearailt, TD, a mheabhrú don phobal i gcoitinne go dtosóidh “am samhraidh” ar 1.00 a.m. Meán-am Greenwich Dé Domhnaigh 26 Márta 2017. Is ceart cloig agus uaireadóirí a chur ar aghaidh uair an chloig ag an am sin.
Tiocfaidh deireadh le ham samhraidh ar 1.00 a.m. Meán-am Greenwich Dé Domhnaigh 29 Deireadh Fómhair 2017.